Forléargas Sláinte

Cén chaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste slán sábháilte?

Tá teorainneacha astaithe i bhfeidhm chun an pobal a chosaint, arna leagan síos ag comhlachtaí idirnáisiúnta atá go hiomlán neamhspleách. Cinntíonn ESB Networks go gcomhlíonann gach méadar cliste na teorainneacha neamhspleácha sábháilte nochta sin. Déanta na fírinne, toisc go mbíonn na hastuithe ó mhéadair chliste chomh híseal sin, comhlíonann siad na teorainneacha le farasbarr suntasach.

Tuilleadh maidir le cén chaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste slán sábháilte

An teicneolaíocht a mbaineann méadair chliste úsáid aisti

Tomhaiseann méadair chliste do thomhaltas ar an mbealach céanna le haon mhéadar digiteach nua-aimseartha eile. Úsáideann siad teicneolaíocht an fhóin póca ansin, go bunúsach, leis an bhfaisnéis sin a sheoladh chuig ESB Networks. D’fhéadfá a rá gur seoltar an fhaisnéis i gcineál teachtaireachta téacs.

Tuilleadh eolais ar an gcaoi a n-oibríonn méadair chliste.

A n-astaíonn siad

Is beag réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta a astaíonn méadair chliste toisc go bhfuil cumhacht an tarchuir chomh híseal sin. Ní tharchuireann an méadar ach méid beag sonraí anois is arís agus is iondúil nach mbíonn daoine díreach in aice leis an méadar agus é ag tarchur.

Tuilleadh maidir lena n-astaíonn siad

Céard a deir an fhianaise eolaíoch?

Bhí roinnt imní ann faoi na héifeachtaí sláinte a d'fhéadfadh a bheith i gceist le réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta, go háirithe na hastúcháin níos airde ó fhóin phóca. Is iomaí staidéar eolaíochta a rinneadh. Tríd is tríd, ní thugann an fhianaise le fios gurb ann d’aon éifeachtaí sláinte. Tuairiscítear éifeachtaí i staidéir ar leith, ach ní thacaíonn an fhianaise leis an tátal sin ar an iomlán.

Tuilleadh ar cheist na fianaise eolaíche

Déan teagmháil linn
Fón
1800 928 123
+353216985005