Colún - Custaiméir an ama atá le teacht

Custaiméir an Ama atá le Teacht

Custaiméirí agus an Geilleagar a Chumasú agus Tacú Leo: Tá an colún seo dírithe ar an nuálaíocht le freastal ar bhealach cost-éifeachtúil ar na riachtanais a bheidh ag custaiméirí san am atá le teacht. Mar shampla, cumasú do shaoránaigh fuinnimh ghníomhacha a gcion féin a dhéanamh le solúbthacht a thabhairt do sheirbhísí córais agus, ar an gcaoi sin, tacú le hoibriú an chórais leictreachais. Tá achoimre thíos ar chuid de na tionscadail ar thug ESB Networks fúthu faoi Cholún Chustaiméir an Ama atá le Teacht. Tá fáil anseo ar na tuairiscí is déanaí ar dhul chun cinn agus na tuairiscí clabhsúir is déanaí.

Servo

Tugadh faoi thionscadal SERVO (Acmhainn Fuinnimh agus Optamú Voltais ar fud an Chórais) i gcomhar leis an nGrúpa Bogearraí agus Córas Teileachumarsáide in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar chur chun feidhme na modúl Live & Flex de chuid SERVO mar chuid de Thionscadal Leictrithe Dhaingean Uí Chúis, rud a raibh dhá aidhm i gceist leis: An bonneagar teicniúil a fhorbairt chun bailiú, stóráil agus tuairisciú slán na sonraí arna mbailiú ó ghléasanna IoT ar an líonra leictreachais a chumasú ; comhéadan feidhmchláir slán (API) a fhorbairt chun rochtain shlán a chumasú ar an tacar sonraí IoT sin atá á choinneáil i mbunachar sonraí Microsoft Azure Cloud.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

StoreNet

Tionscadal ab ea StoreNet a bhí faoi stiúir IERC agus a raibh ESB Networks, SMS plc ( Solo Energy tráth) agus Electric Ireland páirteach ann. Is é b’aidhm leis an tionscadal ná Stáisiún Cumhachta Fíorúil Cliste a fhorbairt agus a chur ag obair bunaithe ar an stóráil dháilte fuinnimh (cadhnraí) in áitribh chónaithe ar an líonra dáileacháin, agus an méid ba mhó eolais ab fhéidir a bhailiú ag an am céanna faoi na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le córas stórála fuinnimh dá leithéid.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Samhaltóir SERVO

Tá dhá aidhm ar leith ag tionscadal Shamhaltóir SERVO. Ar an gcéad dul síos is aidhm linn stór sonraí i mbosca gainimh a fhorbairt do thionscadail taighde a ghineann sonraí, is é sin suíomh amháin le sonraí a stóráil ar bhealach aonfhoirmeach, struchtúrtha. Féadfar na sonraí sin a úsáid ansin mar bhonn le deaiseanna agus tuairisciú agus, ar an gcaoi sin, trialacha a mheas. Ar an dara dul síos, is mian linn SERVO a úsáid mar ardán tástála bogearraí le breathnú go mion ar chásanna úsáide maidir le sonraí líonraí agus measúnú a dhéanamh ar riachtanais an DSO ó thaobh foinsí sonraí idirnasctha de san am atá le teacht.


Breathnaigh ar an PDF

RESERVE

Sa tionscadal seo, a bhí maoinithe ag Fís 2020, rinne ESB Networks réitigh a fhorbairt le go mbeifí in ann gréasáin leictreachais a rith ar ghiniúint in-athnuaite amháin. Léirigh an tionscadal gur féidir réiteach Rialaithe Voltais a chur i bhfeidhm i bhfíorchásanna le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí DER. Léirigh sé chomh maith go mbeadh a leithéid de réiteach inscálaithe ó nádúr agus go ndéanfadh sé a chion féin le sriantachtaí an líonra dáileacháin a shárú.

Breathnaigh ar an PDF

Líonraí ísealvoltais a phleanáil le haghaidh an teasa agus an iompair leictrithe san am atá le teacht

Cuid lárnach de leictriú an teasa agus an iompair is ea a chinntiú go mbeidh an líonra ísealvoltais in ann don éileamh amach anseo, éileamh a bheidh ag méadú mar thoradh ar theicneolaíochtaí ísealcharbóin ar thaobh na gcustaiméirí. Mar thoradh ar an tionscadal, leagadh síos cineálacha cur chuige nua, comhsheasmhacha i leith an dearaidh, a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar líonraí ísealvoltais reatha agus nua. Tacóidh sé sin le comhtháthú eacnamaíoch theicneolaíochtaí ísealcharbóin agus acmhainní fuinnimh dáileacháin na gcustaiméirí, amhail feithiclí leictreacha, grianphainéil fhótavoltacha agus teaschaidéil.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Superhomes 2.0

Tionscadal ab ea Superhomes 2.0 a bhí comhordaithe ag an IERC agus ar ghlac ESB Networks páirt ann i gcomhar le ceithre chomhpháirtí cuibhreannais a bhí lonnaithe in Éirinn. Is éard b’aidhm linn ná tuiscint a fhorbairt ar an tionchar a bheadh ag teaschaidéil foinse aeir in áitribh chónaithe nua-iarfheistithe ar an líonra dáileacháin agus ar an éileamh ar leictreachas go ginearálta . Shuiteálamar Ardbhonneagar Méadraithe in 20 áitreabh éagsúla ar fud na tíre agus bhaineamar leas as an teicneolaíocht le tuiscint dhomhain a fháil ar na tosca séasúracha agus aeráide a chuaigh i bhfeidhm ar riachtanais fuinnimh na n-áitreabh sin.

Breathnaigh ar an PDF

Real Value

Tionscadal de chuid Fhís 2020 ab ea Real Value, inar breathnaíodh ar an teas leictreach inrialaithe mar bhealach le líonra níos solúbtha a bhaint amach agus mar réiteach ísealvoltais Bainistíochta ar Thaobh an Éilimh (DSM). Thug sé sin an deis d’úsáideoirí fuinnimh de gach cineál feidhmiú mar "stáisiúin chumhachta fhíorúla". Cuireadh an tionscadal i gcrích i gcomhar le Glen Dimplex, EirGrid, Intel, SSE, UCD agus Ollscoil Oxford agus áiríodh leis taispeántais fhisiciúla in Éirinn, sa Ghearmáin agus sa Laitvia, áiteanna ar suiteáladh aonaid SETS (Teirmeastóráil Chliste Leictreach) in 1,250 teach.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Tionscadal Leictrithe Dhaingean Uí Chúis

Tionscadal 3 bliana thar a bheith nuálach é Tionscadal Dhaingean Uí Chúis a seoladh siar i mí Aibreáin 2018 le réimse teicneolaíochtaí nua a chur i bhfeidhm d’fhonn tacú le forbairt líonra leictreachais ísealcharbóin a bheadh idir chliste agus athléimneach. Cuirfidh torthaí an tionscadail seo ar chumas ESB Networks líonra leictreachais a thógáil, a chothabháil agus a fheidhmiú a bheidh in ann freastal ar riachtanais ár gcuid custaiméirí fud fad na hÉireann as seo go ceann i bhfad.

Tionscadal Dhaingean Uí Chúis

Déan teagmháil linn