Sreanga Lastuas

3 leid le coinneáil i gcuimhne:

  1. Bí ag faire amach agus ag breathnú suas i gcónaí agus tú ag obair gar do shreanga leictreachais lastuas.
  2. Ná téigh i mbun aon ghníomhaíochta tógála laistigh de 10 méadar ó shreang leictreachais lastuas in aon chás.
  3. Ná dumpáil ithir ná smionagar agus ná cuir rudaí i gceann a chéile faoi shreang leictreachais lasnairde in aon chás. Laghdófaí an t-achar sábháilte idir an sreang agus an talamh ansin.
Fan glan ar shreanga atá tite nó crochta go híseal.

Cuir glao ar ár nUimhir Éigeandála 1800 372 999 chun iad a thuairisciú.

 

Roimh duit tosú ag obair gar do shreanga leictreachais

Sula dtosóidh tú ag obair gar do shreanga leictreachais lastuas, déan teagmháil linn le gur féidir linn na réamhchúraimí sábháilteachta is gá a chur i bhfeidhm d'fhonn gortú a sheachaint. Ní bheidh sé indéanta i gcónaí sreang leictreachais lastuas a mhúchadh le go bhféadfar obair a dhéanamh thíos fúithi.

Déan teagmháil linn ar 1800 372 757+353 21 2386555 le do chuid riachtanas a phlé.

An Cód Cleachtais um an mBaol ó Línte Leictreachais Lastuas a Sheachaint

Tar éis dó dul i ndáil chomhairle leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus le páirtithe leasmhara eile, tá an Cód Cleachtais um an mBaol ó Línte Leictreachais Lastuas a Sheachaint athbhreithnithe agus nuashonraithe ag ESB Networks. Tá an Cód Cleachtais nua i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2019.  Tháinig sé in ionad an chóid cleachtais bunaidh a bhí i bhfeidhm ó bhí 2008 ann. 

An Cód Cleachtais

An Cód Cleachtais um an mBaol ó Línte Leictreachais Lastuas a Sheachaint - Físeán

Faisnéis agus treoir ríthábhachtach d'fhonn timpistí leictreacha a chosc agus obair thógála á déanamh


Físeán ESB Networks maidir le Tógáil Shábháilte agus an Leictreachas

Cuirtear an t-eolas atá san fhíseán seo i láthair ar mhaithe leo siúd a oibríonn san earnáil tógála. Is éard is aidhm leis an bhfíseán ná eolas tábhachtach sábháilteachta a chur ar fáil le cabhrú leat fanacht slán sábháilte agus tú ag obair gar do shreanga lastuas agus cáblaí faoi thalamh.


Sábháilteacht agus tú ag obair

Tá muid anseo 24/7
Cás Éigeandála / Gan Chumhacht
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30