icon for new single commercial unit

Tréimhse an Tionscadail agus Praghsáil Thipiciúil

 

Nuair a bheidh na doiciméid iarrtha uile agat, níor chóir go dtógfadh an próiseas iarratais ach 10–15 nóiméad. Tá sé mar aidhm againn luachan a sholáthar laistigh de 15 lá gnó (MIC < 100kVA) nó 90 lá gnó (MIC> 100kVA).

Ríomhtar costais nasctha ar bhonn táillí caighdeánacha a leagtar amach in Táillí Nasctha leis an gCóras Dáileacháin PDF | 178 KB arna fhaomhadh ag CRU. Maidir le Táillí Nasctha do Chustaiméirí Éilimh Ísealvoltais agus Meánvoltais Gnó féach Ráiteas Táillí ESB Networks DAC.

Maidir le gnó beag tráchtála, agus tú tar éis glacadh leis an meastachán agus íocaíocht a dhéanamh, tá sé mar aidhm againn an nasc a chur i gcrích laistigh de 60 lá gnó.

I gcás ualach mór, d’fhéadfadh aga tionscanta suntasach a bheith i gceist ó iarratas go nascadh, maidir le fiosrúchán a dhéanamh ar an modh nasctha, costais a bhunú agus nuair a dhéantar an ranníocaíocht, obair a dhéanamh chun nasc a sholáthar. Bíonn éagsúlacht mhór in amanna nasctha ó shuiteáil amháin go suiteáil eile. D’fhéadfadh ualaí móra ísealvoltais nó ualaí beaga meánvoltais, go hiondúil os cionn 200kVA, lena mbaineann fostáisiún 6 go 9 mí a ghlacadh ó iarratas go nasc; d’fhéadfadh ualaí móra gnó, e.g. os cionn 4MVA, óna dteastaíonn nasc ardvoltas 110kV os cionn 2 bhliain a ghlacadh.

Ar aghaidh

Déan teagmháil linn