Fógra Príobháideachais

Fógra Príobháideachais agus Polasaí Fianáin ESB Networks

 

Maidir le ESB Networks CGA

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ESB is ea ESB Networks CGA (ESBN), atá ceadúnaithe chun an córas dáileacháin leictreachais a oibriú i bPoblacht na hÉireann. Déanaimid freastal ar gach uile chustaiméir leictreachais agus ar gach uile rannpháirtí sa mhargadh leictreachais ó cheann ceann na tíre agus táimid freagrach as an líonra leictreachais a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt. Déanaimid bainistiú ar oibríochtaí méadair leictreachais agus sonraí méadair ó cheann ceann na tíre, agus déanaimid comhordú agus tacaímid le hoibriú na margaí iomaíocha miondíola agus mórdhíola leictreachais.

Tá Meas againn ar do Phríobháideachas

Baineann an fógra príobháideachais seo le húsáid sonraí pearsanta ag ESBN. Tugtar míniú ann ar an bhfaisnéis a bhailímid, cén chaoi a n-úsáidimid í, cé leis a mbailímid í agus cén chaoi a gcosnaímid í. Tugtar sonraí ann chomh maith ar na cearta atá ar fáil duit maidir leis an gcaoi a gcoinnímid agus a n-úsáidimid do shonraí pearsanta, cén chaoi leis na cearta sin a fheidhmiú, agus céard atá le déanamh má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó má tá gearán le déanamh.

Baineann an fógra príobháideachais seo leis an uile shonra pearsanta a choinnímid, is cuma an caidreamh linn. Mar shampla, féadfaidh sé go gcoinnímid faisnéis faoi chustaiméirí reatha, iar-chustaiméirí, custaiméirí ionchasacha, custaiméirí amach anseo, agus daoine den phobal.

 

Ceisteanna Coitianta maidir le Cúrsaí Príobháideachais

Beartas Fianán

Page updated: April 2018

Déan teagmháil linn