Do Leibhéal Soláthair a Athrú

Baineann Uasacmhainn Iompórtála (MIC) le gach pointe nasctha ar an líonra leictreachais. Déanaimid ár líonra a dhearadh le soláthar leictreachais a chur ar fáil duit de réir an MIC atá sonraithe.

An Soláthar a Mhéadú nó a Laghdú

Má chuir tú síneadh mór le do theach le déanaí nó má chuir tú trealamh leictreachais nua isteach ag d'áitreabh a bhfuil tuilleadh cumhachta de dhíth air, b'fhéidir nach leor do MIC reatha do do chuid riachtanas a thuilleadh. D'fhéadfadh sé go mbeadh MIC méadaithe ag teastáil ina leithéid de chásanna.

Má tá tú tar éis roinnt trealamh leictreachais a bhaint de d'áitreabh gnó, ba chóir go ndéanfaí athbhreithniú ar do leibhéal reatha MIC de bharr go mb'fhéidir go mbeadh ort iarratas a dhéanamh le do MIC a laghdú. D'fhéadfadh táillí a bheith i gceist.

Tuilleadh eolas

Cén chaoi ar féidir liom mo MIC a athrú?

Lena fháil amach cén chaoi do MIC a mhéadú nó a laghdú, déan rogha thíos d'áitreabh baile nó d'áitreabh gnó agus lean na céimeanna.

Tabhair do d'aire:Mura bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid leictreachais a úsáideann tú ach tá fadbhanna iomlaoide voltais ag cur as duit mar sin féin, seans go bhfuil fadhb voltais i d’áitreabh nó ar ár líonra. Tuilleadh eolais

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn