Tuairiscí Tionscadail Dhaingean Uí Chúis

Ceachtanna le Foghlaim ó Thionscadal Dhaingean Uí Chúis 

Rinne Tionscadal Dhaingean Uí Chúis iniúchadh ar thionchar teicneolaíochtaí cumasaithe ísealcharbóin agus fuinnimh ghlain ar an líonra leictreachais agus rinne measúnú ar an acmhainneacht atá ann do na teicneolaíochtaí seo, a suiteáladh in áitribh chónaithe agus i ngnólachtaí beaga chun tacaíocht a chur ar fáil don eangach. 

Rinne an tionscadal measúnú chomh maith ar ról na dtionscnamh áitiúil, ar nós an Chláir Ambasadóra agus triail na bhfeithiclí leictreacha, chun tacú le hidirleathadh níos leithne na teicneolaíochta agus le hiompraíochtaí saoránach gníomhach fuinnimh ar fud an phobail áitiúil.

Cuireann Tionscadal Dhaingean Uí Chúis teimpléad ar fáil chun pobail a mhealladh agus a chumhachtú i dtreo roghanna ísealcharbóin a d'fhéadfaí a iniúchadh i gceantair agus i bpobail eile lasmuigh de Dhaingean Uí Chúis.


 



Tuairiscí Tionscadail Dhaingean Uí Chúis

Sonraí Thionscadal Dhaingean Uí Chúis

 Na sonraí teicniúla anaithnidithe a taifeadadh ó na sócmhainní agus braiteoirí cumasaithe fuinnimh ghlain a suiteáladh sna háitribh rannpháirteacha, tá siad ar fáil ach iad a iarraidh. 

Seol ríomhphost chuig innovationfeedback@esbnetworks.ie le d'ainm, sonraí teagmhála agus úsáid bheartaithe na sonraí.  Déanfaidh ESB Networks athbhreithniú ar d'iarratas agus tabharfaidh freagra ar ár luathchaoithiúlacht.

 

Get in Touch