Nasc a fháil - Forbairt Ilaonad nua

Déantar cur síos sa chuid seo ar an bpróiseas do thógálaithe/fhorbróirí atá ag iarraidh scéim nua tithíochta/árasán nó forbairt tráchtála/thionsclaíoch a nascadh leis an líonra leictreachais.

Tabhair do d'aire: I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin. Breathnaigh ar ár leathanach maidir leisna Cóid Líonra Eorpacha le tuilleadh faisnéise a fháil

Tábhachtach - Déan teagmháil linn go luath agus an tionscadal á phleanáil agat.

Forbairt Ilaonad Nua a Nascadh

Próiseas

Agus tú i mbun do thionscadal a phleanáil, cuir glao ar ár nIonad Teagmhála Náisiúnta Custaiméirí ar 1800 372 757 nó +  021-2386555 a luaithe agus is féidir le gur féidir linn réamhphlé idir tú féin agus an Fhoireann Deartha atá againn a shocrú. Má dhéantar teagmháil linn go luath sa phróiseas, is féidir na riachtanais nasctha leictreachais a chuimsiú i ndearadh an tionscadail ón tús. Ar an ábhar sin, ba cheart go mbeifeá in ann deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn níos déanaí a sheachaint.

I gcomhréir leis na treoirlínte ó FSS agus na srianta rialtais atá curtha i bhfeidhm le déanaí, níl ESB Networks ag glacadh le hiarratais ach ar naisc nua trínár n-ardán ar líne go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Aon chustaiméirí nach féidir leo rochtain a fháil ar ár n-ardán ar líne, ba chóir dóibh ríomhphost a sheoladh chuig  esbnetworks@esb.ie chun cúnamh a fháil, nó glao a chur ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.

Nithe tábhachtacha le cur san áireamh le d’iarratas

  • Comhaid CAD san fhormáid cheart agus cóipeanna crua mar atá sonraithe san fhoirm iarratais

  • Sonraí cruinne ar sheoladh poist gach aonaid mar a comhaontaíodh leis an Údarás Áitiúil

  • Uasacmhainn Iompórtála (MIC) gach áitribh/aonaid tráchtála ar leith.

  • Ní mór duit roghnú idir ‘Taraif Aonair’ nó ‘Méadrú de réir am an lae’ freisin

Déan iarratas ar nasc

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil