Deiseanna Gairme le ESB Networks

Ar mhaith leat a bheith ag obair gualainn ar ghualainn le breis is 3,000 gairmí ardoilte?

Tá pacáiste cuimsitheach againn dár gcuid ball foirne ó thaobh luach saothair, deiseanna gairme agus forbairt phearsanta/ghairmiúil de. Tá an tsolúbthacht agus an comhionannas i gcroílár chleachtas oibre ESB Networks. Táimid bródúil freisin as ár gcláir ionchuimsitheacha tacaíochta d'fhostaithe.

Cuirimid réimse leathan deiseanna ar fáil ar fud na hÉireann i réimsí amhail innealtóireacht, airgeadas, dlí, TF agus gairmeacha eile.

Breathnaigh ar na folúntais

Deis le hathrú

Táimid ar thús cadhnaíochta sa tionscal fuinnimh agus ag cur na nuálaíochta chun cinn ón taobh istigh. 

Tuilleadh Eolais

Déan teagmháil linn