Athléimneacht an Líonra

Leictreachas Éifeachtúil Slán Iontaofa: Díríonn an colún seo ar nuálaíochtaí a sholáthar, a chuirfidh líonra éifeachtúil athléimneach iontaofa ar fáil amach anseo, líonra a thacóidh le leictriú méadaithe i dtodhchaí ísealcharbóin. Tá achoimre thíos ar chuid de na tionscadail ar thug ESB Networks fúthu faoin gcolún Athléimneacht an Líonra. Is féidir na tuarascálacha ar dhul chun cinn agus tuairiscí clabhsúir is déanaí a aimsiú anseo lena léamh freisin.

SOGNO - Monatóireacht Chliste i gcomhair Athléimneacht Mhéadaithe

Tionscadal de chuid Fhís 2020 ab ea tionscadal SOGNO, a chuir cuibhreannas 12 chomhpháirtí acadúla agus tionscail ar fáil, ESB Networks ina measc. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua ar bhealach nuálach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is mó atá le sárú ag DNOanna ar gá dóibh méid ollmhór sonraí a bhailiú agus a stóráil maidir lena líonraí.

PDF | 1708 KB

Breathnaigh ar an PDF

Líonra Cliste - Tionscadal an Líonra Náisiúnta Rochtana Raidió

Le líonra eangaí cliste a chumasú, lena n-áirítear rialú, cosaint agus bainistiú sócmhainní fóntais, tá gá le líonra náisiúnta rochtana raidió ar féidir brath air, atá slán ó thaobh cibearshlándála de, agus atá neamhspleách ar na hoibritheoirí líonra mhóibíligh. Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal seo ná líonra gan sreang ar leith a fhorbairt le sonraí a iompar ar bhealach iontaofa le haghaidh feidhmeanna eangaí cliste san am atá le teacht.

PDF | 776 KB

Breathnaigh ar an PDF

Claochladáin Dáileacháin Miotail Dhímhorfaigh

Tá claochladáin dáileacháin a bhfuil croí miotail dhímhorfaigh acu deartha le níos lú leictreachais a chailleadh i gcomparáid le claochladáin thraidisiúnta. Tá struchtúr difriúil grán ag croí na gclaochladán seo agus friotaíocht i bhfad níos ísle acu dá bharr sin i leith timthriallta maighnéadaithe, rud a fhágann go laghdaítear na caillteanais chroí. Mar chuid den tionscadal nuálaíochta seo, rinneadh oiriúnacht na gclaochladán seo a mheas, go háirithe cibé acu an mbeadh na caillteanais chroí laghdaithe a bheadh i gceist leo ina mbuntáiste leordhóthanach dá n-úsáidfí ar líonra na hÉireann iad.

PDF | 286KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Leanúnachas Feabhsaithe maidir le Lochtanna Íogaire Talún 20kV

Bíonn sé deacair Lochtanna Íogaire Talún a bhrath toisc go mbíonn luachanna srutha lochta an-íseal ag baint leo. Tar éis Locht Íogair Talún a bhrath, ní dhéanann an fheiste chosanta iarracht an scoradán ciorcaid a athdhúnadh go huathoibríoch lena thástáil an ann do na tosca lochta go fóill. Ní bheidh soláthar ag na custaiméirí go dtí gur féidir le foireann ESB Networks cuairt a thabhairt ar an láithreán. Is é b’aidhm leis an tionscadal ná triail a bhaint as cineálacha nuálacha cur chuige i leith lochtanna den sórt sin d’fhonn leanúnachas an tsoláthair leictreachais a fheabhsú do chustaiméirí .

PDF | 245 KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Anailísíocht Sonraí i gcomhair Calaois Mhéadair a Bhrath

Bhain ESB Networks leas as an anailísíocht sonraí d’fhonn aimhrialtachtaí méadraithe a aithint ar bhealach nua agus rinne uirlis a fhorbairt ar féidir léi léamha amhrasacha méadair a bhaineann le baint de mhéadair a aithint. Forbraíodh algartam mar thoradh ar an tionscadal ar féidir leis léamha méadair éagsúla a rangú bunaithe ar dhóchúlacht staitistiúil. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar mhéid na sonraí a bheidh ar fáil mar thoradh ar rolladh amach na méadar cliste, rud a chuirfidh ar ár gcumas an t-algartam a mhionchoigeartú tuilleadh le hintleacht shaorga.

PDF | 312 KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

SUCCESS - Cibearshlándáil i Líonraí na Todhchaí

Ba é aidhm an tionscadail seo de chuid Fhís 2020 ná creat inoiriúnaithe slándála a dhearadh, a fhorbairt agus a bhailíochtú ar thrialacha allamuigh ar scála beag. Léirigh an creat seo an chaoi a laghdaítear na rioscaí a bhaineann le cibearbhagairtí agus cibirionsaithe nuair a bhaintear feidhm as córais mhéadraithe mar chuid d’fheidhmeanna na heangaí. Mar chuid den tionscadal SUCCESS, forbraíodh trí chás úsáide a chuimsigh slándáil, athléimneacht, marthanacht agus príobháideacht. Chuir an suíomh trialach in Éirinn féachaint ar an gcás úsáide maidir le hollionsaí ar luchtairí feithiclí leictreacha.

PDF | 368 KB

Uath-athdhúnadh nuálaíoch ar an líonra ísealvoltais i gcás lochtanna eadrannacha d’fhonn cur isteach ar chustaiméirí a laghdú

Cailleann custaiméirí a soláthar go sealadach nuair a tharlaíonn lochtanna eadrannacha ar líonraí ísealvoltais faoi thalamh. Mar gheall ar nádúr na lochtanna uaineacha seo, bíonn sé deacair iad a aimsiú. Bhain ESB Networks triail as folús-scoradán ciorcaid REZAP agus as fiús cliste BIDOYNG ó Kelvatek chun feidhmíocht an líonra ísealvoltais a fheabhsú mar chuid de thriail eangaí cliste ar oibríochtaí rialaithe meánvoltais/ísealvoltais. Leis sin, bhí sé mar aidhm againn leanúnachas an tsoláthair agus sástacht na gcustaiméirí a fheabhsú.

PDF | 382 KB

Breathnaigh ar an PDF

Raidió Faireacháin Digiteach SCADA

Mar chuid den tionscadal seo, rolladh amach an Córas Raidió Faireacháin Dhigitigh i gcomhair cumarsáidí Rialaithe Maoirseachta agus Fála Sonraí (SCADA) chun cumarsáid raidió MUA atá idir athléimneach agus slán a chur ar fáil ar fud na tíre. Nasc an córas 564 stáisiún ardvoltais trí 80 stáisiún bunáite raidió agus cuireadh caighdeán cibearshlándála atá ceadaithe ag an Institiúid Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíocht (NIST) i bhfeidhm maidir le sonraí leictreonacha a chriptiú.

PDF | 214 KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Bloic Teanntáin Shnáithínghloine a Thabhairt Isteach

Mar chuid den tionscadal seo, cuireadh faoi chaibidil an bhféadfaí snáithínghloine a úsáid in ionad adhmaid sna teanntáin a úsáidtear cheana le haghaidh cuaillí línte lastuas deiridh agus uillinne. Breathnaíodh go mion chomh maith ar chineálacha éagsúla adhmaid agus ar chóireálacha éagsúla adhmaid. Is éard b’aidhm leis an tionscadal ná breathnú ar eolas nua maidir le tréithe eolaíochta ábhar, riachtanais láimhseála agus suiteála agus saolré i gcomparáid le costais.

PDF | 163 KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir

Triail Sigfox

Teicneolaíocht teileachumarsáide ísealchumhachta is ea SigFox atá deartha le réitigh ar chostas íseal a chur ar fáil lena n-úsáid in an-chuid feidhmeanna agus áiteanna ar fud na tíre. Is éard b’aidhm le triail SigFox ná feidhmíocht na teicneolaíochta a thástáil agus a bhailíochtú i gcomhair réimse feidhmeanna agus seirbhísí éagsúla i roinnt áiteanna mar chuid de líonra cliste. Tá SigFox ina chuid d'Idirlíon na nEarraí (IOT) le haghaidh gléasanna cliste nasctha, rud a chumasaíonn líonraí cliste ar an iomlán.

PDF | 640 KB

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir