Colún - Gníomhú ar son na haeráide

Gníomhú ar son na hAeráide

An Leictreachas, an Teas agus an tIompar a Dhícharbónú: Díríonn an colún seo ar nuálaíochtaí a sholáthar, a chinnteoidh go gcuirfidh ESB Networks an bonneagar ceart i bhfeidhm go cost-éifeachtúil ag an tráth ceart le gur féidir córas fuinnimh dhícharbónaithe a éascú , a thacóidh le comhtháthú leibhéal i bhfad níos airde inathnuaiteán, teasa agus iompair leictrithe ar an gcóras.

Tá achoimre thíos ar chuid de na tionscadail ar thug ESB Networks fúthu faoi cholún an Ghníomhaithe ar son na hAeráide. Is féidir na tuarascálacha ar dhul chun cinn agus tuairiscí clabhsúir is déanaí a aimsiú anseo lena léamh freisin.



Naisc Ardvoltais agus Mheánvoltais Níos Cliste do Chustaiméirí - Caighdeáin Nua um Phleanáil Dáileacháin agus Slándáil Soláthair

Mar chuid den tionscadal, rinneadh athbhreithniú ar Chaighdeáin Slándála agus Phleanála an Chórais Dáileacháin lena fháil amach cén chaoi na caighdeáin a fhorbairt le freastal ar na hathruithe i dtionscal an leictreachais, ach córas dáileacháin atá slán sábháilte agus ar féidir brath air a choinneáil go cost-éifeachtúil ag an am céanna. Na Caighdeáin nua, a forbraíodh trí chomhoibriú agus comhairliúchán suntasach le páirtithe leasmhara agus atá faofa anois ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas, tá siad ar fáil anseo (PDF 1MB).

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir | PDF 609KB

Tionscadal Teasléaráide

Is í is aidhm le tionscadail na teasléaráide ná teasléaráid idirghníomhach a chur ar fáil ar a dtaispeántar an acmhainn líonra atá ar fáil, is é sin le rá, an mhéid éilimh nó ghiniúna a d'fhéadfaí a chur le fostáisiún gan oibreacha athneartaihte a dhéanamh.

Breathnaigh ar an PDF

Claochladán Cliste Fostáisiúin Thánaistigh (Buaic an Gheimhridh)

Beidh tionchar nach beag ag dícharbónú an líonra leictrigh ar an líonra ísealvoltais, is é sin, an t-athrú de réir a chéile chuig Teicneolaíochtaí Ísealcharbóin, amhail teaschaidéil, grianphainéil fhótavoltacha agus feithiclí leictreacha. Ní thuigtear go hiomlán fós an tionchar a bheidh ag na teicneolaíochtaí nua sin ar an líonra ísealvoltais. Bhain ESB Networks triail as roinnt gléasanna monatóireachta nuálacha le heolas luachmhar a fháil ar na teicneolaíochtaí agus le tuiscint iomlán a fháil ar a mbeidh ag teastáil le monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an líonra ísealvoltais.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir | PDF 1MB

Socruithe nua RoCoF do Ghineadóirí Dáilte

Bhí an tionscadal seo ina phríomhchumasóir lena chinntiú go mbeadh gineadóirí dáilte in ann d’athruithe minicíochta ar an gcóras, a mbeadh méid méadaithe giniúna in-athnuaite a bheith nasctha leis an líonra ina chúis leo.

Leis an gcóras cumhachta a oibriú agus suas le 75% den chumhacht mheandrach ag teacht ó fhoinsí neamhshioncrónacha, teastaíonn socruithe nua Ráta Athraithe Minicíochta (RoCoF) le haghaidh gineadóirí dáilte. Mura ndéanfaí é sin, bheadh teorainn 60% le giniúint neamhshioncrónach ar an gcóras, seachas an sprioc 75%.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir | PDF 153KB

Éascaíocht ar Mhearsheirbhísí Córais DS3

Cinntíonn seirbhísí córais DS3 ó Distribution Energy Resources (DER) cobhsaíocht ó thaobh minicíochta agus voltais de ar an líonra tarchurtha. Is iondúil gurb iad custaiméirí giniúna agus éilimh atá nasctha leis an líonra dáileacháin cheana a chuireann na seirbhísí córais nó na táirgí solúbthachta seo ar fáil. Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal seo ná foghlaim, nósanna imeachta, samhaltú agus tástáil riachtanach le cur ar chumas ESB Networks an réamhmheasúnú teicniúil a dhéanamh d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar aon drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ag Seirbhísí Córais DS3 ar phleanáil nó ar oibríochtaí an líonra dáileacháin.

Breathnaigh ar an Tuarascáil Chlabhsúir | PDF 310 KB