Tionscadail Nuálaíochta ESB Networks

Ár dTionscadail Nuálaíochta

Cuirtear ár gCreat um Straitéis Nuálaíochta i bhfeidhm ar phunann chothrom tionscadal atá roinnte ina trí cholún, a thugann sainmhíniú ginearálta ar scóip na hoibre agus ar na réimsí inar gá dúinn seirbhísí nua feabhsaithe a chur ar fáil.

Tá na trí cholún nua sin, i.e. Custaiméir an Ama atá le Teacht, Gníomhú ar son na hAeráide agus Athléimneacht an Líonra, ag teacht lenár straitéis ghnó nua agus léirítear iontu cuspóirí mheicníocht dreasachta an Choimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) maidir leis an gCiste Nuálaíochta Straitéiseach.

Tuigeann ESB Networks a dhinimiciúla atá an nuáil, agus an gá le bheith solúbtha ionas gur féidir dul i ngleic leis na dúshláin a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Mar sin, measann ESB Networks go ndéanfar tuilleadh athruithe ar na tionscadail atá i ngach ceann de na colúin mar a thiocfaidh tosaíochtaí beartais chun cinn, mar a athróidh iompar na gcustaiméirí, agus mar a éireoidh na réamh-mheastacháin maidir le giniúint, solúbthacht, agus an lód ísealcharbóin níos soiléire.  Le forléargas a fháil ar phunann tionscadal nuálaíochta ESB Networks, cliceáil anseo (PDF | 461 KB).

Sna trí chuid thíos gheobhaidh tú faisnéis ar:

  • An comhairliúchán poiblí ba dhéanaí a rinneamar (atá críochnaithe anois) maidir lenár ngníomhaíochtaí nuálaíochta ‘Dul i mBun Nuálaíochta leis an Líonra Leictreachais a Athrú ó Bhonn’.
  • Liosta de na tionscadail nuálaíochta fhéideartha atá beartaithe ag ESB Networks.
  • Faisnéis faoi Thionscadal Dhaingean Uí Chúis

 

 

Nuálaíocht

Na Colúin Nuálaíochta

Tá baint ghníomhach ag ESB Networks le tuairim is 30-40 tionscadal nó triail nuálaíochta. Is féidir teacht ar thuairiscí ar dhul chun cinn agus tuairiscí clabhsúir maidir le cuid de na tionscadail sin faoi na colúin ar leith a bhaineann leo thíos.

Colúin

Déan teagmháil linn