Tuairiscí chun Dáta maidir le Tionscadail

An t-eolas is deireanaí

Cuireadh tús le Tionscadal Dhaingean Uí Chúis in 2018 agus cuireadh na trialacha teicniúla i gcrích ag deireadh Eanáir 2022. I gcaitheamh an tionscadail, rinneadh teicneolaíocht chun ísealcharbóin a chumasú in 35 réadmhaoin ar fud Chorca Dhuibhne. Rinneadh an teicneolaíocht seo a leanas a shuiteáil:

  • 25 córas fótavoltach gréine;
  • 5 chadhnra ar scála cónaithe;
  • 5 theaschaidéal aerfhoinse;
  • 15 luchtaire chliste le haghaidh feithiclí leictreacha, a ndearnadh 5 cinn díobh a athsholáthar le luchtairí V2G déthreocha;
  • Cuireadh 17 bhfeithicil leictreacha ar fáil;
  • Cuireadh 3 iarfheistiú i gcrích in ionaid réadmhaoine Ambasadóirí;
  • Rinneadh gléasanna monatóireachta fuinnimh tí a shuiteáil in ionaid réadmhaoine rannpháirteacha;

Rinneadh uasghrádú ar roinnt teicneolaíochtaí agus gléasanna a bhí ar an líonra leictreachais cheana féin agus tástáladh roinnt teicneolaíochtaí nua agus é mar chuspóir iontaofacht fhoriomlán an líonra a fheabhsú do gach custaiméir atá nasctha. Samplaí den obair:

  • Rinneadh cianrialú agus uathoibriú an líonra meánvoltais atá cheana ann a mhéadú, a fhágann gur féidir soláthar custaiméirí a thabhairt ar ais arís ar bhealach níos tapa má bhíonn gearradh cumhachta ann;
  • Tástáladh gléasanna monatóireachta ísealvoltais le go bhféadfar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí ísealcharbóin ag leibhéal an tarchuradóra logánta a fheiceáil;
  • Tástáladh gléasanna cliste ar an líonra meánvoltais lastuas le go bhféadfar fabhtanna a aimsiú ar bhealach níos éifeachtaí agus an chumhacht a thabhairt ar ais níos tapa;


Tá an Triail um Sholúbthacht curtha i gcrích. Mar chuid den triail seo, bhíothas ag fiosrú le fáil amach an féidir teicneolaíochtaí cumasúcháin fuinnimh ghlain – mar luchtairí feithiclí leictreacha, luchtairí V2G, teaschaidéil agus cadhnraí cónaithe – a rialú agus a fheidhmiú ar bhealach a dhéanfadh a dtionchar ar an líonra áitiúil leictreachais a laghdú oiread agus is féidir agus, in amanna, le seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’Oibreoir an Chórais Dáileacháin.


Tá taighde curtha i gcrích ag MaREI ar a éifeachtaí agus atá Clár Ambasadóirí Thionscadal Dhaingean Uí Chúis agus Triail na bhFeithiclí Leictreacha chun an pobal a ghníomhú le bheith rannpháirteach san aistriú chuig fuinneamh ísealcharbóin, chun iompar gníomhach na saoránachta fuinnimh a scaipeadh agus ó thaobh teicneolaíocht a chur in oiriúint de.

Foilseofar tuarascálacha ar na príomhshruthanna oibre ar fad a bhaineann leis an tionscadal ar an láithreán gréasáin amach anseo.



Active Energy Citizen

Watch Fergal Egan, The Dingle Project Manager at ESB Networks, host EEI webinar focusing on what ESB Networks is doing to enable the Active Energy Citizen across the Dingle peninsula.

Get in Touch