Cuspóirí an Tionscadail

Céard iad cuspóirí Thionscadal Dhaingean Uí Chúis?

Solúbthacht don Chustaiméir - Faisnéis a thabhairt do ESB Networks maidir le cibé acu is féidir nó nach féidir na teicneolaíochtaí cumasaithe fuinnimh ghlain seo a oibriú ar bhealach a thacóidh le feidhmiú éifeachtach an líonra leictreachais toisc gur teicneolaíochtaí iad a éireoidh níos coitianta inár dtithe/gnólachtaí le himeacht ama.

Seirbhísí idir Piaraí - Breathnú ar an tionchar a bheidh ag an soláthar leictreachais idir piaraí ar oibriú teicniúil an líonra ísealvoltais agus ar na riachtanais fheidhmiúla a bheidh i gceist leis an méadrú a bheidh ag teastáil le tacú leis.

Líonraí ar Féidir Brath orthu - Faisnéis a thabhairt do ESB Networks maidir le cibé acu is féidir nó nach féidir le teicneolaíochtaí nua a mbaintear triail astu ar an líonra leictreachais líon agus fad ama na ngearrthacha cumhachta a íoslaghdú do chustaiméirí.

Daoine a Spreagadh le bheith ina Saoránaigh Fuinnimh - Tuiscint a fháil ar luach na straitéisí rannpháirtíochta a theastaíonn le cumasú do dhaoine a bheith ina ‘saoránaigh ghníomhacha fuinnimh’ ar fud na sochaí. Duine é sin a athraíonn a iompar ar mhaithe leis an líonra leictreachais.

Céard a bhainfear amach mar thoradh ar Thionscadal Dhaingean Uí Chúis?

  • Measúnú ar thorthaí teicniúla thrialacha an tionscadail, a chuirfidh bonn eolais faoi dhearadh an líonra leictreachais amach anseo.
  • Anailís dhomhain ina dtugtar achoimre ar a gcuireann ar chumas duine aonair a bheith ina shaoránach gníomhach fuinnimh, agus na dúshláin agus na bacainní a d'fhéadfadh a bheith rompu á gcur san áireamh ag an am céanna.

Cén chaoi a bhfuil Tionscadal Dhaingean Uí Chúis á chur chun feidhme againn?

  • Comhoibriú leis an bpobal áitiúil agus iarraidh ar bhaill den phobal cabhrú linn triail a bhaint as teicneolaíochtaí éagsúla ar fud Chorca Dhuibhne.
  • Suiteáil agus tástáil teicneolaíochtaí in-athnuaite agus Gléasanna Cliste ar an líonra leictreachais.
  • Dul i gcomhpháirtíocht le grúpaí pobail áitiúla, le heagraíochtaí acadúla, le tionscail, le comhlachtaí rialála agus le húinéirí beartais.

Labhair lenár bhFoireann Tionscadail

Más mian leat faisnéis bhreise a fháil faoi Thionscadal Dhaingean Uí Chúis, nó más maith leat labhairt le ball den Fhoireann Tionscadail

Déan teagmháil linn

Get in Touch