Rannpháirtíocht an Phobail

Is cuid thábhachtach de Thionscadal Dhaingean Uí Chúis ár n-obair agus ár rannpháirtíocht leis an bpobal áitiúil.


Bímid ag obair go dlúth le cuid mhaith daoine agus grúpaí, trí chomhpháirtíochtaí tionscadail agus trí ghafacht agus rannpháirtíocht dhíreach sna trialacha. Beimid ag dréim lena bhfuil foghlamtha againn ón tionscadal seo a roinnt le grúpaí fuinnimh pobail eile sa tsúil go bhféadfaidís leas a bhaint as an eolas sin agus a bheith ina bpobail fuinnimh ghníomhacha iad féin.

Rannpháirtíocht an Phobail

Plé gníomhach leis an tionscnamh Corca Dhuibhne 2030

Tionscadal Dhaingean Uí Chúis i gcomhar leis na comhaltaí comhordaithe eile ar an tionscadal Corca Dhuibhne 2030: Tá Mol Cruthaitheachta agus Nuála Dhaingean Uí Chúis, MaREI agus Forbairt Chiarraí Thuaidh Thoir Thiar (NEWKD) ag obair le chéile chun dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail um an aistriú chuig saol ísealcharbóin sna réimsí Fuinneamh, Talmhaíocht, an réimse Muirí, Iompar agus Turasóireacht.

Le tuilleadh eolais a fháil:

Tionscnamh Chorca Dhuibhne 2030

Labhair lenár bhFoireann Tionscadail

Más mian leat faisnéis bhreise a fháil faoi Thionscadal Dhaingean Uí Chúis, nó más maith leat labhairt le ball den Fhoireann Tionscadail

Déan teagmháil linn

Get in Touch
Get in touch
dingle@esbnetworks.ie