Exception occured while executing the controller. Check error logs for details.

Breathnaigh ar roinnt de na gealltanais atá molta le tacú le ‘Beir Bua ar an mBuaic. Ar an earnáil miondíola atá na cinn seo dírithe: 


An Gealltanas Uileghabhálach

Tionscnamh Samplach

kWh a d’fhéadfaí a shábháil 

Múch é

  • Cinntigh go múchtar gach fearas leictreach (soilse, fearais oifige) go hiomlán ag deireadh an lae. Ná fág ar fuireachas iad
  • Múch staighrí beo agus soilse i siopaí lasmuigh de na huaireanta gnó
  • Spreag an fhoireann/custaiméirí chun an staighre a úsáid ag na buaic‑amanna d’fhonn líon na dturas san ardaitheoir a laghdú

M.sh. 1000 monatóir a mhúchadh seachas iad a fhágáil ar fuireachas agus 1000 ríomhaire glúine a dhíphlugáil = ~1200kWh

Pleanáil d'aon ghnó

  • Múch aon fhéinchuntair amach, soilse (stóras, trádstóras agus oifig san áireamh) agus trealamh leictreach nach gá i rith na mbuaicuaireanta
  • Bog glanadh an tsiopa chuig uaireanta nach buaicuaireanta iad agus úsáid modhanna glantacháin nach bhfuil chomh dian sin ar fhuinneamh.

M.sh. 15 fhéinchuntar amach agus 3 fholúsghlantóir a mhúchadh = ~250kWh

Bí Cliste le Spás agus Soilsiú

 

  • Cuir Soilsiú ‘Cliste’ i bhfeidhm lena chinntiú nach mbíonn na soilse lasta i siopaí, oifigí ná stórais ach amháin nuair a bhíonn siad ag teastáil. Múch aon soilse/téamh nach gá sna spásanna sin

M.sh. 100 solas tionsclaíoch a mhúchadh = 960kWh

Dea‑Chothabháil

  • Cinntigh go bhfuil dea‑bhail ar chuisneoirí agus ar fhearais leictreacha eile i stórais, trádstórais agus oifigí ionas go n‑oibreoidh siad go héifeachtach

M.sh. 5 sconna uisce the ag sceitheadh a dheisiú agus 5 chuisneoir róstocáilte = 6kWh

Déan ‘Cosantóirí’ d’Fhostaithe

  • Roghnaigh fostaithe áirithe le bheith ina ‘gCosantóirí Fuinnimh’, dream a dhéanfaidh a gcion féin le cur i bhfeidhm na ngealltanas a bhrú chun cinn
  • Cuir baill foirne ar an eolas faoi céard iad na buaic‑amanna agus cén fáth ar rud maith é úsáid fuinnimh a bhogadh chuig amanna eile

Cumasóir

*Idir 5‑7 i.n. (an buaic‑am, 2 uair an chloig) níos mó ná 12 chás (iomlán: 24 uair an chloig)

Nó, más mian leat do ghealltanais féin a dhéanamh, déan teagmháil linn. Is fearr an cur amach atá agat ar d’eagraíocht féin ná aon duine eile.  

Chun gealltanas a dhéanamh nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chugainn ag BTP@esb.ie

Get in Touch
Phone
1800 372 757