Gealltanais don Earnáil Déantúsaíochta

Breathnaigh ar roinnt de na gealltanais atá molta le tacú le ‘Beir Bua ar an mBuaic. Ar an earnáil déantúsaíochta atá na cinn seo dírithe: 

An Gealltanas Uileghabhálach

Tionscnamh Samplach

kWh a d’fhéadfaí a shábháil 

Pleanáil d'aon ghnó

  • Nuair is féidir, bog na gníomhartha táirgthe siúd a bhíonn is déine ar fhuinneamh chuig uaireanta nach buaicuaireanta iad
  • Bíodh amanna tosaithe inneall ar eolas agat – déan iarracht gan innill throma a fhágáil ag réchasadh ná ar fuireachas
  • Bog luchtú feithiclí leictreacha (Flít agus Foireann) amach as na buaicuaireanta

Gan 100 feithicil leictreach a luchtú ná 50 inneall trom a úsáid =~25,000 kWh

Múch é

  • Múch aon trealamh leictreach gan ghá i monarchana agus in oifigí araon

500 monatóir, 20 scáileán mór, 50 inneall tromshaothair, 5 ardaitheoir = 8,000 kWh

Bí Cliste le Spás agus Soilsiú

  • Amadóirí a chur i bhfeidhm le haghaidh téimh/soilsiú in oifigí agus i monarchana
  • Cuir barr feabhais ar an spás oibre san oifig. Ná húsáid ach rogha seomraí cruinnithe agus fearais.  

50 solas tionsclaíoch agus 5 aonad aerchóirithe a mhúchadh = 840kWh

Glantachán

  • Bog seirbhísí glantacháin (tionsclaíoch agus oifigbhunaithe) amach as na buaic‑amanna agus, nuair is féidir, bain úsáid as modhanna glantacháin nach bhfuil chomh dian sin ar fhuinneamh

5 fholúsghlantóir agus 2 mhiasniteoir a bhogadh = ~200 kWh

Dea‑Chothabháil

  • Beidh cothabháil éifeachtach sócmhainní leictreacha ina cuidiú lena chinntiú nach dteastóidh níos mó cumhachta uathu le haghaidh an toraidh chéanna
  • Cuir prótacal tuairiscithe fabhtanna ar bun le haghaidh fearais agus sócmhainní
Braitheann ar an tsócmhainn atá i gceist

*Idir 5‑7 i.n. (an buaic‑am, 2 uair an chloig) níos mó ná 12 chás (iomlán: 24 uair an chloig)

Nó, más mian leat do ghealltanais féin a dhéanamh, déan teagmháil linn. Is fearr an cur amach atá agat ar d’eagraíocht féin ná aon duine eile.  

Chun gealltanas a dhéanamh nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chugainn ag BTP@esb.ie

Get in Touch
Phone
1800 372 757