Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála

Céard é ‘Beir Bua ar an mBuaic’ – Clár Píolótach na nGealltanas Tráchtála? 

Tá clár píolótach gealltanais ESB Networks do chustaiméirí tráchtála – ‘Beir Bua ar an mBuaic’ – oscailte d’aon eagraíocht bheag, mheánach nó mhór, bíodh sí ina heagraíocht tráchtála, leathstáit nó poiblí, atá sásta gníomhaíochtaí nó bearta ar leith a dhéanamh chun an méid fuinnimh a úsáideann sí a laghdú ag na buaic‑amanna (5 i.n ‑ 7 i.n.) an geimhreadh seo, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an eagraíocht sin incháilithe le haghaidh cláir agus margaí eile nó páirteach ina leithéid. 

Tá an tionscnamh píolótach seo ceaptha chun raon leathan eagraíochtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht náisiúnta ‘Beir Bua ar an mBuaic’ agus an t‑éileamh ar líonra leictreachais na hÉireann a laghdú ag buaic‑amanna an geimhreadh seo.

Cé atá incháilithe agus cén chaoi ar féidir liom clárú?

  • Más gnólacht beag, meánmhéide nó eagraíocht mhór tráchtála, leathstáit nó earnála poiblí thú atá sásta bearta ‘a ghealladh’ le d’éileamh leictreachais a laghdú ag na buaicthréimhsí, tá tú incháilithe don scéim píolótach seo.
  • Is féidir leat a léiriú gur mhaith leat clárú le ‘Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála’ ag btp@esb.ie.

Gealltanas tugtha ag Scoil Náisiúnta Pháirc na nGrás Ag Foghlaim Le Chéile chun tacú le Beir Bua ar an mBuaic 

Reáchtálfaidh an scoil na tionscnaimh seo a leanas chun ídiú leictreachais a laghdú le Bua a Bhreith ar an mBuaic: 

  • Cuirfear páistí ar an eolas faoi na gníomhartha nó bearta faoi leith is féidir leo a dhéanamh sa bhaile agus ar scoil chun an méid leictreachais a úsáidfidh siad sna buaicthréimhsí le linn an gheimhridh (5 i.n. go 7 i.n.) a laghdú. 
  • Déanfaidh Coiste Chlár na Scoileanna Glasa feasacht a fhorbairt ar na buaicthréimhsí.  
  • Tabharfar tús áite don inbhuanaitheacht in éiteas na scoile. 
Tuilleadh Eolais

Gealltanas tugtha ag Accenture Bua a Bhreith ar an mBuaic an geimhreadh seo

Déanfaidh Accenture a chion féin le Bua a Bhreith ar an mBuaic an geimhreadh seo tríd an méid leictreachais a úsáideann sé a laghdú i rith na mbuaicuaireanta (5 – 7 i.n.), rud a dhéanfaidh sé ar na bealaí seo a leanas:

  • Scáileáin mhóra dhigiteacha agus trealamh fuaime a mhúchadh i bhfoirgnimh oifige
  • Baill foirne a spreagadh le ríomhairí glúine a dhíphlugáil i rith na mbuaicuaireanta agus iad a rith ar cheallraí
  • Córais téimh agus fuaraithe a mhúchadh in oifigí Accenture
  • Soilse nach bhfuil in úsáid a mhúchadh agus soilse LED a chur in ionad bolgáin thraidisiúnta
  • Fostaithe a spreagadh le páirt a ghlacadh in ‘Beir Bua ar an mBuaic’
Tuilleadh Eolais

Gealltanas tugtha ag An Post Bua a Bhreith ar an mBuaic an geimhreadh seo ar na bealaí seo:

  • Luchtú an fhlít feithiclí leictreacha a bhogadh amach as na buaicuaireanta éilimh ó 5 i.n. go 7 i.n.
  • Gearradh siar ar úsáid gléasra atá dian ar fhuinneamh in oifigí sórtála i rith na mbuaicuaireanta idir 5 i.n. agus 7 i.n.
  • Bearta éagsúla coigilte fuinnimh a thabhairt isteach ina n-oifigí
Léigh an Phreaseisiúint
Get in Touch
Phone
1800 372 757