Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Ba mhaith le ESB Networks a chur i gcuimhne don phobal i gcoitinne fanacht slán agus fanacht amach ónár mbonneagar leictreachais.

Mar is gnách, fan glan amach ó chuaillí leictreachais agus línte lasnairde. Tá sé thar a bheith dainséarach teagmháil fhisiciúil a dhéanamh le leictreachas beo, rud a d’fhéadfadh duine a mharú. Ní mór fanacht achar sábháilte amach ón mbonneagar leictreachais i gcónaí toisc go bhfuil leictreachas an-chumhachtach agus is féidir leis léim trasna ar bhearnaí.

Agus tú sa bhaile, déan cinnte go bhfuil do threalamh leictreach i riocht maith agus ná croch rud ar bith in aice le sreanga leictreachais riamh.

Cuimhnigh: Bí slán i gcónaí agus fan amach ó línte agus sreanga leictreachais toisc go bhfuil siad beo, agus thar a bheith dainséarach dá bharr sin.

Is féidir damáiste ar bith a thuairisciú do ESB Networks trí theagmháil a dhéanamh linn ar ár n-uimhir theileafóin éigeandála: 1800 372 999/021 238 2410 (24 uair an chloig/7 lá).

Is mian linn na teachtaireachtaí sábháilteachta seo a leanas a chur i gcuimhne don phobal i gcoitinne:

  • Bíonn sreanga leictreachais beo i gcónaí, ná téigh in aice leo riamh.
  • Má fheiceann tú sreanga atá tar éis titim nó a bhfuil damáiste déanta dóibh, fan amach uathu agus cuir glaoch ar ESB Networks láithreach ar 1800 372 999/021 238 2410.
  • Féach suas i gcónaí agus fan amach achar sábháilte ó shreanga agus cuaillí.
  • Ná ceangail rud ar bith riamh le cuaillí nó sreanga ESB Networks.
  • Ná hoibrigh ná á cuir rud ar bith ag eitilt in aice le sreanga lasnairde.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.esbnetworks.ie agus is féidir ár gcuntas Twitter @ESBNetworks a leanúint chun an t-eolas is déanaí a fháil.

I gcás fiosruithe ó na meáin, déan teagmháil le: graham.king@esb.ie/085-1515886  

Back