Cuir glao ar1800 372 757 nó +353 21 2386555
Déanfaimid socrú leat le go bhféadfaidh criú gearrtha crann teacht amach chun iniúchadh a shocrú. Más gá crainn a ghearradh, déanaimid iarracht an obair sin a dhéanamh taobh istigh de 3 go 4 seachtaine.
Ní bheidh. Ní ghearrfar aon táille ort as gearradh riachtanach crann.
De ghnáth, déanaimid na craobhacha a bhearradh siar chuig achar sábháilte. Mar sin féin, má bhíonn bail éagobhsaí ar na crainn agus má bhíonn contúirt ann go bhféadfaidís titim ar an líne leictreachais, gearrfaimid anuas go hiomlán iad.
Níor cheart duit féin iarracht a dhéanamh in imthosca ar bith iad a ghearradh siar. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.
Más mian leat an t-adhmad a choinneáil, déanfaidh ár gconraitheoirí gearrtha crann na craobhacha a ghearradh duit agus a chur in áit stórála chuí. Má shocraíonn tú gan é sin a dhéanamh, gheobhaidh na conraitheoirí féin réidh leis an adhmad.
Is féidir, ach ar do chostas féin a bheidh sé. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh linn roimh ré ar aon nós. Tá seans ann go mbeidh orainn na línte a dhínascadh go sealadach le go mbeifear in ann an obair a dhéanamh.
Déan teagmháil linn
Níor cheart duit iarracht a dhéanamh i gcás ar bith iad a ghearradh siar tú féin. D’fhéadfá teacht i dteagmháil leis na sreanga beo a d’fhéadfadh thú a leictriú. Is speisialtóirí iad conraitheoirí gearrtha crann a úsáidtear chun déileáil le sreanga beo agus iad ag gearradh crann.