Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh Fógraí ar PowerCheck

Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh Fógraí ar PowerCheck

Nuashonruithe SMS agus Ríomhphoist maidir le Gearrthacha Cumhachta: Téarmaí agus Coinníollacha

Trí roghnú chun teachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist a fháil maidir le nuashonruithe gearrthacha cumhachta ó ESB Networks, aontaíonn tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha a leanas:

Úsáid

Glacann tú leis go n-úsáidfear an uimhir fóin póca nó seoladh ríomhphoist atá curtha ar fáil agat, chun eolas a chur ar fáil maidir le gearrthacha cumhachta má aithnítear ceann a bheith ann ar an bhFeidhmchlár Gréasáin PowerCheck de chuid ESB Networks.

Deimhníonn tú go bhfuil an uimhir ghutháin phóca nó an seoladh ríomhphoist atá curtha ar fáil agat ceart agus nach féidir le ESB Networks aon fhreagracht a bheith orthu sa chás go bhfuil an uimhir nó an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil mícheart nó más le tríú páirtí neamhbhainteach iad.

Ní bhíonn san fhaisnéis a fhaigheann tú i nuashonruithe ach meastacháin. Ní thugann ESB Networks aon ghealltanas ná deimhniú go mbeidh an chumhacht ar ais taobh istigh de na tréimhsí a fhoilsítear agus ní bheidh faoi dhliteanas mura mbaintear amach na spriocanna measta chun an chumhacht a chur ar ais ag obair.

Ní bheidh BSL freagrach ná faoi dhliteanas mura bhfaighfear teachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist, nó mura bhfaighfear go tráthúil iad, mar gheall ar fhadhbanna leis an líonra cumarsáide nó fadhbanna nascachta ar do thaobh.

Ní thugann BSL gealltanas go mbeidh fáil iomlán ar an seirbhís seo ná go mbeidh sí ag feidhmiú.

Ní úsáidfidh ESB Networks an uimhir ghutháin phóca nó an seoladh ríomhphoist ach amháin chun faisnéis nuashonraithe maidir le gearrthacha a sheoladh i ndáil leis an ngearradh sonrach a iarrtar. Coinneofar na sonraí seo ar feadh tréimhse trí mhí ó réitítear an gearradh deiridh a bhaineann le d'uimhir ghutháin phóca nó do sheoladh ríomhphoist, chun déileáil le ceisteanna nó gearáin. I gcás ina gcoinníonn ESB Networks an fhaisnéis chéanna chun críocha eile, coinneofar an fhaisnéis sin agus próiseálfar í i gcomhréir le Beartas Príobháideachais ESB Networks.

Seolfaidh ESB Networks nuashonrú nuair a bheidh an chumhacht curtha ar ais, agus ní sheolfaidh siad aon nuashonruithe breise chugat maidir leis an ngearradh sonrach sin.

Bí ar an eolas nuair a fhaigheann tú fógraí SMS, beidh 'ESB Networks' le feiceáil mar an seoltóir agus nuair a fhaigheann tú fógraí ríomhphoist, beidh "noreply@powercheck.esbnetworks.ie" le feiceáil mar an seoltóir.

Ní féidir leat a roghnú ach nuashonruithe a iarraidh maidir le 10 ngearradh ar a mhéid ag am ar bith.

D'fhéadfadh formáid teachtaireachtaí téacs a bheith éagsúil ó ghuthán go guthán agus ar fud soláthraithe.

Más mian leat a roghnú gan an tseirbhís seo a úsáid níos mó, cliceáil ar an nasc ar an teachtaireacht SMS nó ríomhphost a gheobhaidh tú chun díchlárú. Próiseas uathoibrithe é sin chun stop a chur leis an tseirbhís seo go díreach. Ní thabharfar freagra ar aon chumarsáid eile mar fhreagra ar na teachtaireachtaí SMS nó ríomhphoist seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a úsáideann ESB Networks do chuid sonraí pearsanta, agus céard le déanamh má bhíonn gearán agat, féach ar Ráiteas Príobháideachais ESB Networks