Uaireanta déanann stoirmeacha damáiste do líonraí dáileacháin leictreachais. Nuair a bhíonn gaoth ard ann agus nuair a thiteann crainn, is minic a dhéantar damáiste do shreanga cumhachta lastuas,
rud a d'fhéadfadh cur isteach ar an soláthar leictreachais i gceantair mhóra. Is féidir le farasbarr uisce dromchla duchtanna cáblaí leictreachais faoin talamh a bhá agus damáiste a dhéanamh,
leis. Is féidir le tintreach damáiste a dhéanamh do línte cumhachta, do chuaillí leictreachais agus do threalamh chomh maith, agus uaireanta téann cuaille trí thine dá barr. In amanna tógann
sé roinnt ama an chuid den líonra a ndearnadh damáiste di a aimsiú agus na deisiúcháin a dhéanamh. Bíonn sé iontach tábhachtach fanacht glan ar shreanga leictreachais ag na hamanna
sin.
Ná leag lámh riamh ar shreanga atá tar éis titim. Tuairiscigh iad ar 1800 372 999