Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 go bhfuil sé de cheart ag gach duine:
- Rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag comhlachtaí forordaithe (arna sainmhíniú san Acht)
- A chur faoi deara go ndéanfar faisnéis phearsanta atá ina sheilbh ag comhlacht forordaithe a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- Go dtabharfar dó na cúiseanna a nglacann comhlachtaí forordaithe na cinntí a théann i bhfeidhm air.
Ceanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí forordaithe freagra a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis atá ina seilbh acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí cinneadh a thabhairt maidir le hiarratas tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis a fhála.
Ceanglaítear ar chomhlachtaí forordaithe faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir leis an scéim eiseamláireach foilseachán agus spreagtar iad chun an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú lasmuigh den phróiseas saorála faisnéise.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mb’fhéidir nár ghá iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Cuirtear cuid mhaith faisnéise ar fáil don phobal cheana féin ar láithreáin ghréasáin, i mbileoga eolais agus i bhfoilseacháin, agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin ó bhéal agus i scríbhinn.
Is féidir an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, a íoslódáil (PDF | 763 KB).
Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin an Lár-Aonaid Beartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat maidir leis an tSaoráil Faisnéise agus an chaoi a mbaineann sí le ESB Networks CGA, seol r-phost chuig foi@esbnetworks.ie nó scríobh chuig:
ESB Networks DAC,
Freedom of Information Office,
4th Floor, 3 Gateway, East Wall Road, Dublin 3,
Ireland, D03R583