Toisc go bhfuil an leictreachas dínasctha chomh fada sin, beidh ort iarratas a dhéanamh ar nasc nua.
Is féidir leat iarratas tí a dhéanam ár line anseo.
Is féidir leat iarratas tráchtála a dhéanamh ár line anseo.
I gcomhréir leis na treoirlínte ó FSS agus na srianta rialtais atá curtha i bhfeidhm le déanaí, níl ESB Networks ag glacadh le hiarratais ach trínár n-ardán ar líne go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Aon chustaiméir nach féidir leis rochtain a fháil ar ár n-ardán ar líne, ba chóir dó ríomhphost a sheoladh chuig newconnectionswilton@esb.ie le cúnamh a fháil.
D'fhéadfadh sé go mbeadh orainn cuairt a thabhairt ar an láithreán leis an gcás a mheas. Mura mbeidh aon obair bhreise de dhíth leis an bpointe nasctha a thabhairt chun na gcaighdeán reatha, féadfar an teach a athnascadh a luaithe a bheidh an táille athfhuinnmhithe íoctha. Mar sin féin, mura mbeidh an pointe nasctha ag teacht leis na caighdeáin reatha, caithfear leis amhail is dá mba nasc nua é agus gearrfar an táille iomlán as nasc nua – féach Ráiteas na dTáillí (PDF | 629 KB) .
Tabhair faoi deara: A luaithe a bheidh do MPRN (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) agat, ba chóir duit clárú le do rogha soláthraí leictreachais. Tá liosta de na soláthraithe le fáil ar www.cru.ie