Níl scéimeanna íocaíochta as easpórtálacha á dtairiscint faoi láthair (do chustaiméirí nua) ag aon cheann de na soláthraithe fuinnimh in Éirinn. Tá sé i gceist ag an rialtas scéim tacaíochta a thabhairt isteach in 2021, áfach. Thabharfadh an scéim sin deis do chustaiméirí íocaíocht a fháil as an leictreachas a ghineann an micrighineadóir agus a easpórtáiltear ón teach chun an líonra.
I ngnáth-theach in Éirinn, meastar go n-úsáidfí 80% den fhuinneamh a ghinfí ó chóras fótavoltach gréine 2kW ar an láthair féin. Má úsáidtear teicneolaíocht shimplí, atreodóir don uisce, mar shampla, is féidir an leictreachas ‘breise’ a úsáid chun an t-uisce sa teach a théamh agus an úsáid fuinnimh a threorú i dtreo 100%. I gcás suiteálacha atá níos mó, d’fhéadfadh taisc-chadhnraí a bheith ina réiteach oiriúnach don leictreachas breise.