Ní thabharfar. Ní thugaimid cúiteamh do chustaiméirí as gearrthacha cumhachta. Gné de ghréasán leictreachais is ea an chaoi go gcaithfear línte a lascadh as ó am go ham chun cothabháil a dhéanamh.
Tuigimid go gcuireann aon bhriseadh seirbhíse isteach ar chustaiméirí. Déanaimid gach iarracht obair a dhéanamh agus na línte beo. Is gá línte a mhúchadh in amanna, áfach, toisc go mbeadh sé róchontúirteach ag criúnna deisithe an líonra obair a dhéanamh orthu. Cé go ndéanaimid ár ndícheall na gearrthacha sin a laghdú, tá siad riachtanach chun seirbhís leictreachais níos fearr a chinntiú.