Cuireadh clár ESB Networks, Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla, ar bun chun athruithe ar ghiniúint agus úsáid leictreachais a thabhairt le chéile. Má éiríonn linn an clár seo a chur i ngníomh, cuirfear ar a gcumas do gach custaiméir leictreachais agus gach pobal leictreachas inathnuaite a úsáid nó a stóráil nuair a bheidh sé ar fáil go háitiúil acu, ionas go mbeidh ról acu sa ghníomhú ar son na haeráide. Ós rud é nach féidir an cuspóir seo a bhaint amach ach má bhíonn tacaíocht againn ó na páirtithe leasmhara atá againn, agus muid ag obair i gcomhar leo, tá Comhairle Chomhairleach curtha ar bun againn chun treoir agus eolas a chur ar fáil don chinnteoireacht sa chlár agus don fhorbairt beartais. Tá doiciméad ar fáil seo thíos ina dtugtar téarmaí tagartha.
Beidh ar chomhaltaí na comhairle freastal ar chruinnithe a reáchtálfar ar a laghad trí huaire sa bhliain. Pléifear an clár sna cruinnithe sin agus iarrfar a dtuairimí ar chomhaltaí na Comhairle. Anuas air sin, seans go n-iarrfar cúnamh nó comhairle ar na comhaltaí ó am go chéile i dtaca le míreanna faoi leith sa chlár. D’fhéadfadh sé go mbeadh doiciméid le hathbhreithniú nó cruinnithe ad hoc i gceist.
Mar chuid de chlár ESB Networks, Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla, lorgaíodh léiriú spéise ó dhaoine don Chomhairle Chomhairleach sa dara ráithe, 2022. Fuarthas 58 iarratas. Roghnaíodh sampla ionadaíoch rannpháirtithe a shásaigh na critéir a leagadh amach sna téarmaí tagartha le hionadaíocht a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla mar atá leagtha amach seo thíos: