Tuilleadh eolais maidir le Méadair Chliste agus Sonraí

Tuilleadh eolais maidir le Méadair Chliste agus Sonraí

Chun críocha na ndlíthe cosanta sonraí in Éirinn, lena n-áirítear an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), meastar gur sonraí pearsanta iad sonraí ídithe leictreachais arna mbailiú ag méadair chliste. Dá réir sin, cinntíonn ESB Networks go seachadtar an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste (CNMC) i gcomhréir leis na dlíthe sin agus go mbeidh na sonraí pearsanta uile a bhailíonn do mhéadar slán sábháilte.

Le déanamh amhlaidh, chuaigh ESB Networks i ndáil chomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) ar na gnéithe príobháideachais sonraí a bhaineann leis an CNMC agus tá foilsithe aige sraith chuimsitheach Measúnuithe Cosanta Sonraí (Measúnuithe MCS) ina dtugtar achoimre ar an gcaoi a ndéanann ESB Networks sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a chosaint. Tá na measúnuithe sin ar fáil lena léamh anseo.

Bailíonn méadair chliste sonraí agus próiseálann ESB Networks iad de bhun a chuid dualgas dlíthiúil faoi théarmaí cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin ESB Networks (a bhfuil dualgas de réir dlí ar ESB Networks cloí leis). Maidir leis na sonraí pearsanta uile a bhailíonn agus a phróiseálann ESB Networks mar chuid den CNMC, próiseáiltear iad de réir Fhógra Príobháideachais ESB Networks, rud a fhéadtar é a léamh anseo.

Tá méadair chliste i bhfeidhm anois agus léitear ó chian iad ar chuntar go bhfuil nasc cumarsáide curtha ar bun acu, rud a laghdaíonn go mór an gá le billí measta. Tá seirbhísí cliste nua á dtairiscint anois ag comhlachtaí soláthair leictreachais do chustaiméirí a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu.

Sa chuid seo, tugtar míniú ar a ndéanann na méadair chliste taifeadadh air, ar an gcaoi a ndéanann siad cumarsáid agus ar an gcaoi a gcosnaímid do chuid sonraí.

Méadair Chliste agus Sonraí

Déan teagmháil linn
Fón
1800 928 123
+35316985005