Méadair Leictreonacha Thí

Cén cineál méadair thí leictreonaigh atá agam?

Leis an gcineál méadair atá agat a aithint, breathnaigh ar an gcur síos ar na cineálacha éagsúla méadair thíos.

Méadair Leictreonacha 24 Uair an Chloig

  • Léigh na figiúirí ar an scáileán tosaigh ó chlé go deas, na digití go léir san áireamh.
  • D'fhéadfadh sé go dtaispeánfaí saighead ->ar an méadar – ní pointe deachúlach é sin.

Méadair Leictreonacha Lae agus Oíche

Brúigh an cnaipe in aice leis an scáileán le scrollú tríd an bhfaisnéis.

  • Beidh 2 le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den Léamh Lae
  • Beidh 1 le feiceáil ar thaobh na láimhe deise den Léamh Oíche
  • Léigh na figiúirí ó chlé go deas agus cuir na digití go léir san áireamh agus tú á léamh.
  • D'fhéadfadh sé go dtaispeánfaí saighead (->) ar an méadar. Ní pointe deachúlach é sin.

Méadair Mhicrighiniúna Elster A1140

Brúigh an cnaipe leis an eolas atá sa tábla thíos a thaispeáint (nó léigh an scáileán uathscrollála).

Cur Síos ar Scáileán an Mhéadair


    Scáileán Uimh.


 A dTaispeánfar

1An réamhshocrú: An méid iomlán atá iompórtáilte in kWh (24 uair an chloig)
2An dáta reatha
3An t-am reatha
4An méid iomlán atá iompórtáilte in kWh (24 uair an chloig/7 lá)
5An méid iomlán atá iompórtáilte in kWh ag an ráta lae (Ráta 2, 08:00 – 23:00, 7 Lá/Seachtain)
6An méid iomlán atá iompórtáilte in kWh ag an ráta oíche (Ráta 1, 23:00 – 08:00, 7 Lá/Seachtain)
7An méid iomlán atá easpórtáilte in kWh (24 uair an chloig/7 lá)
8An méid iomlán atá easpórtáilte in kWh ag an ráta lae seachtaine (Ráta 6, 08:00 – 21:00 ó Luan go hAoine)
9An méid iomlán atá easpórtáilte in kWh ag an ráta Oíche agus Deireadh Seachtaine (Ráta 5, 21:00 – 8:00, Luan go hAoine agus i rith an Deireadh Seachtaine
10Is éard a fheicfidh tú ar an scáileán ná InsPF
11Is é seo an léamh lae - feicfidh tú TOUactive2
12Is é seo an léamh oíche - feicfidh tú TOU 1
13Is é seo an léamh éavatach - feicfidh tú CUM1
14Is é seo an léamh iomlán 24 uair an chloig - feicfidh tú CUM

An tUasghrádú chuig Méadair Chliste

Méadar ar mhéadar, táimid ag ullmhú na hÉireann don saol ísealcharbóin.

Tuilleadh eolais

Leid Sábháilteachta:Bí cúramach agus tú ag léamh do mhéadair, go háirithe má tá sé thuas go hard in áit nach bhfuil sé éasca teacht air.
Déan teagmháil linn