Is féidir le ESB Networks socruithe a dhéanamh le háitreabh a athnascadh gan iarratas a fháil ó sholáthraí i gcás gur dínascadh an t-áitreabh ar chúiseanna sábháilteachta agus ar chuntar go gcuirfear an t-athnascadh i gcrích tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis a dhínasctha. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh deimhniú ó chonraitheoir leictreachais ag teastáil lena dheimhniú go bhfuil an sreangú inmheánach sábháilte sula bhféadfar an t-athnascadh a dhéanamh. Mura bhféadfar an t-athnascadh a dhéanamh laistigh de 24 uair an chloig, beidh ort teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí agus ordú athnasctha a iarraidh orthu.Beidh deimhniú ó chonraitheoir leictreachais ag teastáil mar sin féin.
Ní gá. Más áititheoir nua ar an áitreabh thú, is cuma cérbh é an soláthraí roimhe. Cláraigh le do rogha soláthraí agus iarr an t-athnascadh orthu. Mar chuid den phróiseas seo, téann an tOibreoir Córais um Chlárú Méadar (MRSO) i dteagmháil leis an soláthraí a bhí ann roimhe seo, más gá. Feidhm “imfhálaithe” laistigh de ESB Networks is ea an MRSO agus é freagrach as an bpróiseas um athrú soláthraí.
Má rinneadh athrú ar an sreangú inmheánach agus gur gá an méadar a bhogadh anois, beidh ordú oibre um athrú seirbhíse ag teastáil de bhreis ar an ordú athnasctha. Déan teagmháil le do sholáthraí ar dtús agus iarr orthu iarratas ar athnascadh a chur chuig ESB Networks. Agus é sin déanta, déan teagmháil le ESB Networks leis an athrú seirbhíse a phlé. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le hathruithe seirbhíse, breathnaigh ar Athruithe Seirbhíse.
Mura n-aontaítear coinne le do sholáthraí, a luaithe a gheobhaidh ESB Networks an t-ordú déanfaidh an córas atá againn an jab a shannadh do theicneoir de chuid ESB Networks go huathoibríoch, duine a thabharfaidh cuairt ar an láithreán taobh istigh den ghnáth-thréimhse (2 go 5 lá oibre) leis an athnascadh a dhéanamh. Má tharlaíonn ar chúis éigin nach féidir leis an teicneoir de chuid ESB Networks an t-athnascadh a chur i gcrích agus é ar an láithreán, déanfaidh ár bhfoireann sceidealaithe teagmháil leat le coinne eile a aontú.