Séanadh

Séanadh BSL

Faisnéis ghinearálta í an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo agus tá sí curtha ar fáil chun críocha eolais amháin agus níor cheart bheith ag brath uirthi mar ráiteas críochnaitheach iomlán faoi aon cheist ar leith.

Is ar phriacal an úsáideora atá rochtain ar an láithreán gréasáin seo agus úsáid an láithreáin gréasáin seo. D’fhéadfadh Sonraí Pearsanta (mar a shainmhínítear faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679)) a sheoltar tríd an idirlíon a bheith gan chosaint nó neamhshlán taobh amuigh de láithreán gréasáin ESB. Níl sé ar chumas an ESB, a stiúrthóirí, fostaithe, seirbhísigh ná gníomhaithe, cleamhnaithe ná ionadaithe eile, ná a mháthairchuideachtaí ná a fhochuideachtaí faoi seach (dá ngairtear "ESB” anseo ina dhiaidh seo), in ann slándáil sonraí (Sonraí Pearsanta san áireamh) lasmuigh dá chórais ríomhaireachta féin a ráthú más mian leat úsáid a bhaint as an modh cumarsáide seo.   

Ní thugann BSL aon uiríoll, barántas ná gealltanas (go sainráite nó go hintuigthe) maidir le, agus ní ghlacann aon fhreagracht as (agus séanann leis seo dliteanas i leith), cruinneas nó iomláine na faisnéise atá ar an láithreán gréasáin seo. Ní féidir le BSL a thabhairt le fios nó barántas a thabhairt go mbeidh aon ábhar atá ar fáil le híoschóipeáil ón láithreán gréasáin seo saor ó ionfhabhtú, víreas nó cód go bhfuil airíonna truaillithe nó millteach acu.

Inneachar an Láithreáin Gréasáin 

Ní ghlacann BSL freagracht as eolas atá sa láithreán gréasáin seo a thabhairt cothrom le dáta agus mar sin níor cheart glacadh leis go bhfuil an t-eolas atá ann cruinn, iomlán ná cothrom le dáta ag aon am ar leith. D’fhéadfadh tríú páirtithe cur isteach ar an bhfaisnéis atá anseo freisin. Ba cheart d'úsáideoirí gach ráiteas atá sa láithreán gréasáin a fhíorú go neamhspleách.

Ós rud é go bhfuil an t-ábhar ar an láithreán gréasáin faoi chóipcheart, d’fhéadfadh aon úsáid neamhúdaraithe a dhéanfar d’aon ábhar ar an suíomh gréasáin sárú a dhéanamh ar dhlíthe cóipchirt, trádmharcanna agus dlíthe eile. Ní cheadaítear ábhar ar an láithreán gréasáin seo a chóipeáil, a athrú, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a tharchur, a chur ar taispeáint go poiblí, a thaibhiú, a dháileadh ná a úsáid chun críoch phoiblí nó thráchtála ar bith ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite ar an suíomh gréasáin seo nó mar a údaraíonn BSL go sainráite i scríbhinn agus ar choinníoll docht go gcoinnítear gach uile inneachar slán agus san fhormáid chéanna is atá sé ar an láithreán gréasáin seo.

Má dhéanann úsáideoir aon ábhar ón láithreán gréasáin a íoslódáil le haghaidh úsáide pearsanta nó neamhthráchtála, ní mór don úsáideoir gach fógra faoi chóipcheart, trádmharc nó fógraí eile dá samhail atá san ábhar bunaidh a choinneáil in aon chóipeanna den ábhar.

Úsáid an Láithreáin Gréasáin 

Níl BSL freagrach as aon chaillteanas, damáiste, costas ná speansais ar bith a tharlóidh trí aon úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo, cibé acu go díreach nó go hindíreach, airgeadais nó eile, a eascraíonn de thoradh ar rochtain ar, nó trí bhrath ar an eolas atá sa láithreán gréasáin seo nó aon ráiteas nó éileamh atá leagtha amach anseo. Ní hionann an t-eolas atá sa láithreán gréasáin agus tairiscint nó cuireadh ag, nó thar ceann BSL nó aon pháirtí eile, aon seirbhís a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach atá leagtha amach nó dá dtagraítear ar an suíomh gréasáin seo.

Is mar áis dár n-úsáideoirí iad na naisc a chuirtear ar fáil le láithreáin gréasáin atá faoi úinéireacht tríú páirtithe. Níl aon údarás ag BSL ná freagracht air as na láithreáin sin ná as a bhfuil orthu. Tá sé d’oibleagáid ar BSL a cháil agus a thrádmharcanna a chosaint agus forchoimeádann BSL an ceart a iarraidh go mbainfear aon nasc lenár láithreán gréasáin. Teastaíonn cead sainráite le lógó BSL a úsáid.

Chun an cead sin i scríbhinn a iarraidh, déan teagmháil leis an Stiúrthóir Gréasáin (esbwebmaster@esb.ie) nó úsáid an ghné Déan Teagmháil linn. Tá na gníomhaíochtaí nasctha gréasáin seo a leanas coiscthe go sainráite ag BSL agus féadfaidh ceisteanna trádmharc agus sárú cóipchirt a bheith i gceist:

Naisc a bhfuil baint acu le húsáid lógó BSL gan cead

Frámú, naisc inlíne nó meitichlibeanna

Hipearnasc nó cineál naisc a cheileann an URL agus a ghabhann thar an leathanach baile.

Is féidir rochtain ar agus úsáid na faisnéise atá sa láithreán gréasáin seo a bheith toirmiscthe i ndlínsí áirithe agus níor cheart fhaisnéis atá sa láithreán gréasáin seo a úsáid in aon dlínse ina bhfuil feidhm ag toirmisc den sórt sin. Níor cheart léirmhíniú a thabhairt ar aon rud atá anseo mar údarú chun an t-eolas atá ann a úsáid i ndlínsí ina bhfuil toirmisc den sórt sin i bhfeidhm.

Ní féidir le BSL a ráthú go mbeidh an láithreán gréasáin seo ag feidhmiú go leanúnach nó gan briseadh nó a bheith saor ó earráidí agus ní ghlacann BSL aon dliteanas ar bith as gan é a bheith ar fáil.

Forchoimeádann BSL an ceart ag am ar bith aon chuid den láithreán gréasáin a mhodhnú nó a scor, go sealadach nó go buan, le fógra nó gan fógra.

Tá rochtain ar agus úsáid an láithreáin gréasáin seo agus an t-eolas atá sa láithreán gréasáin á rialú agus a fhorléiriú i gcomhréir le dlíthe Phoblacht na hÉireann. Beidh dlínse eisiach ag Cúirteanna Phoblacht na hÉireann i ndáil le réiteach díospóidí nó éileamh a eascraíonn as úsáid agus as an eolas atá sa láithreán gréasáin. Tá a bhfuil ar an láithreán ghréasáin seo faoi Chóipcheart © BSL.

 Foilsithe Márta 2022 

Déan teagmháil linn