Inrochtaineacht

Inrochtaineacht an Láithreáin Gréasáin

Caitheann ESB Networks dúthracht le láithreán gréasáin lán-inrochtana a chur ar fáil dár gcuid custaiméirí go léir.

Tá an láithreán gréasáin seo ag teacht le treoirlínte an Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG 2.0 Leibhéal-AA). Tógadh le HTML5 é agus tá sé ag teacht le riachtanais JAWS.

Bímid i dteagmháil freisin le roinnt eagraíochtaí míchumais le hinrochtaineacht agus inúsáidteacht ár láithreán gréasáin a mheas agus a thástáil.

Rudaí nach bhfuil san áireamh maidir le WCAG 2.0 Leibhéal-AA

Níl an t-ábhar seo a leanas san áireamh ó thaobh chomhlíonadh riachtanais Leibhéal-AA de:

  • Doiciméid PDF
  • Feidhmchlár Cuardaithe Uimhreacha Tagartha Méadarphointe/Uimhreacha Cuntais
  • Cluiche – Cluiche 3 in Fan Slán Fan Amach

Socruithe an Láithreáin Gréasáin

Má cheapann tú go bhfuil an téacs ar an láithreán gréasáin seo róbheag le léamh go compordach, is féidir leat an méid a athrú de réir do riachtanas féin. Beidh a roghanna inrochtaineachta féin ag an mbrabhsálaí a úsáideann tú nó beidh fáil ar íoslódálacha saor in aisce le do roghanna inrochtaineachta a mhéadú agus d'eispéireas brabhsála a fheabhsú.

D'fhéadfadh sé go mbeadh breiseáin ag teastáil uait le cuid den ábhar ar an láithreán seo, ar nós físeán, a fheiceáil i do bhrabhsálaí. Is féidir teacht ar an treoir sin agus treoracha cabhracha eile maidir le cén chaoi d’eispéireas ar líne a fheabhsú ar Better Web Browsing: Tips for Customizing your Computer.

Déan teagmháil linn

Bímid i gcónaí ag lorg bealaí leis an tseirbhís a thugaimid do chustaiméirí a fheabhsú, ár láithreáin ghréasáin san áireamh. Má bhíonn aon deacrachtaí agat le hinrochtaineacht an láithreáin gréasáin seo, cuir do cheist chuig Oifigeach Rochtana ESB Networks tríd an bpost nó tríd an ríomhphost.

Déan teagmháil le hOifigeach Rochtana ESB Networks faoi rún má tá ceist agat nó má tá imní ort faoi rud éigin:

Niall O'Hanlon, Oifigeach Rochtana BSL
Ceannoifig BSL
27 Sráid Mhic Liam Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

R-phost: niall.ohanlon@esb.ie


Ról Oifigeach Rochtana ESB Networks

Is é ról an Oifigigh Rochtana cabhrú le custaiméirí agus fostaithe faoi mhíchumas rochtain a fháil ar bhealach níos éasca ar sheirbhísí agus faisnéis BSL. Áirítear leis sin:

  • Comhlíonadh an Achta um Míchumas, 2005 a chinntiú agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní rochtana do chustaiméirí agus baill foirne ESB Networks.
  • Dea-chleachtas ó thaobh inrochtaineachta de a chur chun cinn i gcumarsáidí, sa tseirbhís do chustaiméirí, sa teicneolaíochtaí faisnéise, i bhfoirgnimh agus sa soláthar.
  • Idirchaidreamh a dhéanamh maidir le cúrsaí míchumais le custaiméirí, fostaithe, línte gnó BSL, comhlachtaí reachtúla agus grúpaí ionadaíocha míchumais.

Is féidir leat gearán a dhéanamh le ESB Networks faoin Acht um Míchumas, 2005 má mheasann tú gur theip ar ESB Networks Ailt 25 go 29 (agus an dá alt sin san áireamh) den Acht a chomhlíonadh. Ní mór gach gearán a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór go mbainfeadh sé leis na seirbhísí ar leith a shonraítear san Acht.

Cuir do ghearán i scríbhinn chuig Oifigeach Rochtana ESB Networks ag an seoladh thuas.

Déantar gach imscrúdú de réir Chód Cleachtais ESB Networks maidir le Comhionannas Deiseanna agus Éagsúlacht. Deirtear an méid seo a leanas sa chód sin:

"Tá ESB Networks tiomanta do bheartas cothroime agus comhionannais ina chleachtais fostaíochta, agus sa tslí a ndéileálann sé le baill foirne agus custaiméirí ... déileálfar lenár gcuid custaiméirí ar bhealach cothrom, macánta agus trédhearcach agus cloífear le prionsabail an chomhionannais agus na cothroime inár n-idirbhearta gnó go léir."

Déan teagmháil linn