Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Anseo in ESB Networks, tá naisc nua á ndéanamh againn i gcónaí, agus muid i mbun líonra atá níos láidre anois ná riamh a thógáil agus ár gcustaiméirí a nascadh le todhchaí ghlan leictreach. Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuilimid chun ár gclár píolótach maidir leis an bpróiseas iarratais nua simplithe ar Mhionghiniúint a leathnú ionas gur féidir le líon níos mó dár gcustaiméirí gineadóirí leictreachais suas le 50kW a nascadh go sábháilte agus go héasca leis an líonra leictreachais.  

Tá an próiseas nua um Mionghiniúint á sheoladh ar bhonn trialach ar dtús, i gcomhréir le Plean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide 2030. Úsáidfear aiseolas agus foghlaim ón triail chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas marthanach. Le chéile, cinnteoidh na seirbhísí nua seo go bhfuil sé níos simplí anois ná riamh dar gcustaiméirí a ghineann a leictreachas in-athnuaite féin, a leictreachas breise a nascadh agus a easpórtáil go sábháilte chuig an líonra leictreachais áitiúil agus, dá bhrí sin, páirt níos gníomhaí a ghlacadh ó thaobh Éire a nascadh le todhchaí ghlan leictreach.  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas nasctha um Mionghiniúint téigh chuig ár leathanach tiomnaithe anseo: Giniúint ar Mhionscála (esbnetworks.ie)

Back