Cúlra

An Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste

Bhunaigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste agus is é an plean seachadta é chun méadair chliste a leathadh amach ar fud na hÉireann. Tá sé leagtha de chúram ar ESB Networks an clár a chur i bhfeidhm, rud a mbeidh i gceist leis na méadair leictreachais uile in Éirinn a uasghrádú ina méadair chliste.

Tá an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste ina chuid den Phlean Gnímh don Aeráid. Tacóidh na méadair chliste linn aistriú chuig líonra leictreachais ar bheag-astú carbóin ach tacú le forbairt eangacha cliste, leictriú córas téimh agus iompair, giniúint inathnuaite áitiúil, agus micrighiniúint. Tá tús curtha ag cuideachtaí soláthair leictreachais le táirgí agus seirbhísí nua a sholáthar a ligfidh duit níos mó leictreachais a úsáid ag na hamanna a mbíonn sé níos saoire.

Ón 26 Feabhra 2021 i leith, tá na custaiméirí siúd a bhfuil méadar cliste acu in all teacht ar tháirgí cliste nua leictreachais atá á dtairiscint ag cuideachtaí soláthair leictreachais. Cuireann na táirgí seo níos mó eolais ar fáil do chustaiméirí maidir leis an méid fuinnimh a úsáideann siad agus cuirfidh ar a gcumas dóibh cuid den fhuinneamh a úsáideann siad a aistriú chuig amanna sa lá a mbíonn an leictreachas níos saoire. Léitear méadair chliste go cianda. Fágann sé sin go mbíonn laghdú suntasach ar bhillí measta agus go mbíonn na billí i bhfad níos cruinne dá bharr.

Thosaíomar ag soláthar méadair chliste i bhfómhar 2019 agus tá os cionn 800,000 méadar cliste suiteáilte againn ar fud na tíre ó shin. Tá na méadair chliste á suiteáil réigiún ar réigiún agus táimid ag obair faoi láthair sna contaetha: Baile Átha Cliath, Corcaigh, an Clár, Laois, Lú, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Luimneach, Sligeach, Liatroim, Ceatharlach, Gaillimh, Uíbh Fhailí, Dún na nGall, Ros Comáin, Ciarraí, Port Láirge, Cill Mhantáin, Muineachán agus Cill Chainnigh. Tá sé beartaithe againn tosú ag obair i gceantair nua i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha seo a leanas sna míonna amach romhainn: an Cabhán, an Iarmhí, Maigh Eo agus Tiobraid Árann. Ó bhí Eanáir 2020 ann, táthar ag cur isteach méadair chliste le haghaidh gach nasc nua ginearálta tí 24 uaire agus chun fabhtanna a dheisiú.

Tabharfaimid neart fógra duit nuair a bheimid ag teacht chun do cheantairse.

 

Déan teagmháil linn
Fón
1800 928 123
+35316985005