Téarmaí agus Coinníollacha Thairseach an Chustaiméara

Cuntas ar Líne ESB Networks

Téarmaí agus Coinníollacha 

 

Is le ESB Networks CGA (úsáidtear “muid”, “sinn” agus “ár” chun tagairt dúinn) an láithreán gréasáin, a dhéanann é a fheidhmiú. Cuimseofar sa nath sin ár ngníomhairí agus cuideachtaí bainteacha lena n‑áirítear, nuair a éilíonn an comhthéacs, ár soláthraithe ar tríú páirtithe iad agus aon duine nó daoine eile a mbíonn baint acu leis an láithreán gréasáin a chur ar fáil nó cúram a dhéanamh de.

Táimidne sásta cead a thabhairt duitse (“an t‑úsáideoir”) rochtain a dhéanamh ar an láithreán, úsáid a bhaint as agus a bheith ag idirghníomhú leis faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha seo atá infheidhme i dteannta lenár bhFógra Príobháideachais. Iarrtar ort a chinntiú go bhfuil cur amach agat ar an doiciméad seo. Más rud é nach bhfuil tú sásta le haon cheann de na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach sa doiciméad seo, ná cláraigh ar líne.

 

1. Sainmhínithe

Mar a úsáidtear iad sna téarmaí agus coinníollacha seo:

Ciallaíonn “ESB Networks” ESB Networks DAC, cuideachta atá corpraithe in Éirinn (uimhir chláraithe 465172) a bhfuil a hoifig chláraithe suite in Three Gateway, Bóthar an Phoirt Thoir, Baile Átha Cliath 3, D03 R583, Éire.

Ciallaíonn “Faisnéis” an fhaisnéis ar fad atá le feiceáil ar an láithreán gréasáin seo gan teorainn agus cibé bealach a léirítear í, cibé acu trí ghrafaicí, téacs nó modh eile agus de réir mar a d’fhéadfaí í a uasdátú ó am go chéile.

Ciallaíonn “Úsáideoir” aon pháirtí a fhaigheann rochtain ar nó a úsáideann an Cuntas Ar Líne.

Ciallaíonn “Cuntas Ar Líne” an láithreán gréasáin, nó an chuid den láithreán gréasáin, atá inrochtana trí bhrabhsálaí idirlín, a dhéanann ESB a oibriú lena úsáid ag custaiméirí agus ar a dtugtar an fhaisnéis agus na seirbhísí a ndéantar cur síos orthu sna Téarmaí seo.

Ciallaíonn “Téarmaí” nó “na Téarmaí seo” na téarmaí agus na coinníollacha seo, arna n‑uasdátú nó arna leasú ó am go ham.

Ciallaíonn “Custaiméir Cláraithe” an duine a bhfuil a ainm cláraithe ar bhunachar ESB mar shealbhóir cuntais i dtaobh aon MPRN.

2. Úsáid an Chuntais Ar Líne

Tá úsáid an Chuntais Ar Líne faoi rialú ag na Téarmaí seo. Trí leanúint d’úsáid an Chuntais Ar Líne, glacfar leis gur léigh agus gur thuig an tÚsáideoir na Téarmaí seo agus go n-aontaíonn sé nó sí cloí leo.

Aontaíonn agus glacann an tÚsáideoir air féin gan an Fhaisnéis ná an láithreán gréasáin a úsáid chun críche ar bith atá cóiriúil, mídhleathach, neamhdhlíthiúil, ceannairceach, maslach, ná chun aon chríche eile den chineál sin.

Admhaíonn an tÚsáideoir go bhfanfaidh an Fhaisnéis sa Chuntas Ar Líne agus na cearta maoine intleachtúla ar fad a bheidh ann ina maoin de chuid ESB Networks. Ní ceadmhach aon Fhaisnéis sa Chuntas Ar Líne ná aon ghabhálacha scáileáin ná grafaicí a mhodhnú, a athchruthú ná a thaispeáint go poiblí, ná a scaipeadh chun aon chríche poiblí ná tráchtála.

Féadfar naisc chuig láithreáin ghréasáin tríú páirtí a sholáthar mar áis don Úsáideoir. Níl na láithreáin sin faoi rialú ESB Networks, áfach, agus ní bheidh muid freagrach as inneachar na láithreán.  

 

 

3. Rochtain a fháil ar an gCuntas Ar Líne

Le clárú mar Úsáideoir Cuntais Ar Líne, ní mór don Úsáideoir an próiseas clárúcháin ar líne a chomhlíonadh. Má chláraíonn Úsáideoir thar ceann cuideachta nó eagraíochta eile, ionadaíonn agus barántaíonn an tÚsáideoir go bhfuil sé nó sí údaraithe go cuí ag an gcuideachta nó ag an eagraíocht sin aontú leis na Téarmaí seo.

Chun rochtain a fháil ar na seirbhísí go léir atá ar fáil trí Chuntas Ar Líne ESB Networks, ní mór don Úsáideoir MPRN (uimhir thagartha mhéadarphointe) a chlárú i leith an chuntais, seachas i gcás na seirbhísí “Naisc Nua” agus “Aimsigh mo MPRN”. Tá d’uimhir MPRN le feiceáil ar do bhille leictreachais. Déanfaidh ESB Networks na sonraí sin a dheimhniú trí theachtaireacht SMS a sheoladh chuig an uimhir fóin póca atá cláraithe leis an MPRN, i.e., deimhneofar gurb é an tÚsáideoir an Custaiméir Cláraithe lena mbaineann an MPRN. 

Mura bhfuil a uimhir MPRN ar eolas ag an Úsáideoir, is féidir leis nó léi na sonraí sin a fháil trí úsáid a bhaint as an tseirbhís “Aimsigh mo MPRN” laistigh den Chuntas Ar Líne. É sin ráite, ní mór don Úsáideoir bheith ina Chustaiméir Cláraithe don MPRN sin chun rochtain a fháil tríd an gCuntas Ar Líne ar na sonraí a bhaineann leis an méadar.

 

 

4. Seirbhísí atá ar fáil sa Chuntas Ar Líne


4.1          Léamh Méadair

Is féidir le húsáideoirí thairseach an chustaiméara léamh méadair a chur isteach i ndáil le hUimhreacha Tagartha Méadarphointe (MPRN) atá cláraithe lena gcuntas. Roinnfear na sonraí seo le do sholáthraí leictreachais ainmnithe chun críche billeála. Maidir le ceist ar bith a bhaineann le cúrsaí billeála, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí leictreachais. D’fhéadfadh moill a bheith ann sula gcuirfidh do sholáthraí an fhaisnéis seo i bhfeidhm ar an gcuntas ábhartha. Ní bheidh ESB Networks freagrach as aon earráid bhilleála de bharr léamha méadair nár roinneadh le soláthraí an úsáideora nó as aon léamh méadair nach n-úsáideann an soláthraí sin.

4.2          M’ídiú Fuinnimh

Is féidir le húsáideoirí an t-ídiú fuinnimh a bhaineann le gach MPRN atá cláraithe lena gcuntas a fheiceáil. Beidh cruinneas na sonraí faoin leibhéal ídithe ag brath ar chumraíocht an mhéadair. Beidh na húsáideoirí sin a bhfuil MPRN cláraithe acu i leith méadar cliste in ann HDF (Harmonised Downloadable File) a íoslódáil ina bhfuil sonraí a méadar cliste le fáil i bhfoirm comhad CSV. Is féidir le húsáideoirí féachaint siar ar stair 2 bhliain de léamha méadair maidir le haon MPRN atá cláraithe acu. Ba cheart gach ceist a bhaineann le cúrsaí billeála a chur chuig soláthraithe leictreachais an úsáideora.

4.3          Gearrthacha Cumhachta

Déanfaidh ESB Networks sonraí faoi gearrthacha cumhachta, beartaithe agus neamhbheartaithe, ar an líonra dáileacháin leictreachais a phostáil. Tuigeann agus admhaíonn an t‑úsáideoir nach bhfuil san fhaisnéis a thugtar ar an láithreán gréasáin seo ach treoir gharbh. Áirítear san fhaisnéis sin, i measc nithe eile, faisnéis a bhaineann leis an áit a bhfuil bonneagar líonra ESB suite, an t‑amchlár a bhaineann le haon gearrthacha beartaithe agus neamhbheartaithe, agus an t‑aga measta chun aon ghné ar leith de bhonneagar an líonra a dheisiú. Ní thugann ESB Networks aon ghealltanas go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt suas chun dáta ar bhonn rialta agus, dá réir sin, níor cheart glacadh leis go bhfuil an fhaisnéis atá ar an láithreán gréasáin cruinn, críochnaitheach ná cothrom le dáta ag aon am ar bith. Níl ESB freagrach as cruinneas ná iomláine na faisnéise atá le fáil ar Thairseach an Chustaiméara, agus ní dhéanann ESB aon bharánta, ionadaíocht ná gealltanas in aon chor (sainráite ná intuigthe) maidir le cruinneas ná iomláine na Faisnéise ar Thairseach an Chustaiméara, a bhféadtaí í a nuashonrú ó am go chéile.

D’fhéadfadh tríú páirtí baint a bheith aige leis an bhfaisnéis atá le fáil ar an láithreán gréasáin, nó d’fhéadfadh tosca nach bhfuil smacht ag ESB Networks orthu tionchar a imirt ar an bhfaisnéis sin. Sá chás sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis cruinn beacht. Comhaontaíonn agus deimhníonn an t‑úsáideoir nach mbeidh sé de cheart aige/aici a bheith ag brath, i bpáirt nó go hiomlán, ar an bhFaisnéis atá le fáil ar an láithreán gréasáin, ar aon chúis ar chor ar bith, lena n‑áirítear, i measc nithe eile, chun críche aon chuid de líonra tarchuir nó dáileacháin ESB a shainaithint.

4.4  Fógraí Digiteacha

Féadfaidh úsáideoirí rogha a dhéanamh fógraí a bhaineann le gearrthacha cumhachta atá beartaithe ina gceantar féin a fháil mar theachtaireacht SMS. Glacann úsáideoirí leis go n‑úsáidfear an uimhir fóin póca atá cláraithe lena gcuntas chun eolas a chur ar fáil dóibh maidir le gearrthacha cumhachta. Is é an t‑úsáideoir a bheidh freagrach as a chinntiú go bhfuil an uimhir fóin póca cheart curtha ar fáil aige nó aici. Má chuirtear uimhir mhícheart ar fáil, nó más le tríú páirtí neamhghaolmhar an uimhir a chuirtear ar fáil, ní ESB Networks a bheidh freagrach as. Is meastacháin amháin an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san eolas uasdátaithe. Ní thugann ESB Networks aon ghealltanas ná deimhniú go ndéanfar an chumhacht a aischur laistigh de na tréimhsí a fhoilsítear agus ní bheidh ESB Networks faoi dhliteanas mura mbaintear amach na spriocanna measta chun an chumhacht aischur.

Ní bheidh ESB Networks freagrach as ná faoi dhliteanas ar bith mura seoltar teachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist, nó mura bhfaighfear go tráthúil iad, mar gheall ar fhadhbanna leis an líonra cumarsáide nó fadhbanna nascachta ar thaobh an Úsáideora. Más mian leat díliostáil ón tseirbhís seo, cliceáil ar an nasc sa teachtaireacht SMS nó sa ríomhphost. Is próiseas uathoibríoch é seo a stopann an tseirbhís seo amháin. Ní thabharfar freagra ar aon chumarsáid eile a sheoltar ar ais chuig an SMS nó na ríomhphoist seo.

4.5  Naisc Nua

Ní foláir d’úsáideoirí an rannán ‘Naisc Nua’ dár láithreán gréasáin agus na háiseanna a ghabhann leis a úsáid chun na gcríoch a ceapadh dóibh agus ní foláir dóibh gníomhú de mheon macánta i gcónaí agus na seirbhísí seo á n-úsáid acu.

Le clárú mar úsáideoir den tseirbhís “Naisc Nua” ar líne, is gá duit a bheith ag cur isteach iarratas ar nasc i gcáil phearsanta nó a bheith údaraithe ag an iarratasóir é sin a dhéanamh. Murab ionann tusa agus an t‑iarratasóir ná an duine údaraithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh coir thromchúiseach á déanamh agat faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise), 2001. 

Más tusa an t‑iarratasóir agus más mian leat rochtain duine údaraithe ar do chuntas a tharraingt siar, ní mór duit ríomhphost a sheoladh chugainn ag Customer.New.Connections@esb.ie chun é sin a chur in iúl dúinn. Bíodh d’uimhir fógra, d’ainm agus do sheoladh luaite sa ríomhphost. Ar an láithreán féin, bainfear úsáid as Slándáil Shraith an Iompair (TLS) le sláine na sonraí íogaire a aistrítear thar an idirlíon poiblí a chosaint. Déanfaimid bearta cuí lena chinntiú go bhfanfaidh sonraí íogaire faoi rún tar éis iad a bhailiú; mar shampla, bogearraí (balla dóiteáin), crua‑earraí (áit shlán fhisiciúil le haghaidh téipeanna cúltaca).

4.6   Íocaíochtaí

Féadfaidh úsáideoirí an rannán Íocaíochtaí den Chuntas Ar Líne a úsáid chun íocaíochtaí táillí agus muirear atá dlite do ESB Networks a dhéanamh ar líne. Trí chliceáil ar an nasc "Déan Íocaíocht", atreorófar úsáideoirí chuig leathanach gréasáin chomhpháirtí íocaíochta ESB Networks, áit a ndéanfar an íocaíocht a phróiseáil. Ní bhailíonn ná ní choinníonn ESB Networks aon sonraí bainc/cárta creidmheasa/cárta dochair a ionchuirtear mar chuid den phróiseas íocaíochta. 

4.7 Seiceáil Voltais

Féadfaidh úsáideoirí a bhfuil imní orthu faoi cháilíocht a soláthair leictreachais seiceáil voltais a iarraidh. Is éard atá i gceist leis seo ná gléas tomhais voltais a shuiteáil ag méadar an Úsáideora ar feadh coicíse, nó mar sin. Ar iarratas a fháil, rachaidh ESB Networks i dteagmháil leis an Úsáideoir le coinne a shocrú chun an tseirbhís seo a chur i bhfeidhm. Mura bhfuil an méadar inrochtana go héasca, ní mór don Úsáideoir nó d'ionadaí a bheith i láthair fad a shuiteáiltear agus a bhaintear an gléas. Níl aon táille ag baint leis an tseirbhís seo.

 4.8 Seirbhís Athshreangaithe Gléasra

Féadfaidh úsáideoirí athshreangú nó uasghrádú an ghléasra suite taobh amuigh den mhéadar a iarraidh, áit a mbeidh gá leis seo chun athchóiriú a dhéanamh ar a n-áitreabh. Ar iarratas a fháil, cuirfidh ESB Networks luachan ar fáil do na hoibreacha ábhartha. D'fhéadfadh sé go mbeadh cuairt ar an láithreán a teastáil chun na hoibreacha atá beartaithe a mheas. A luaithe a íoctar an táillí luaite agus a fhaightear an Deimhniú Leictreach Sábháilte riachtanach, déanfaidh ESB Networks na hoibreacha a sceidealú i gcomhairle leis an Úsáideoir nó le conraitheoir an Úsáideora.

Déanfar gach obair athshreangaithe faoi théarmaí chomhaontú nasctha an Úsáideora agus de réir choinníollacha an chomhaontaithe sin.

Déanfaidh ESB Networks a chuid oibre le cúram cuí, ag baint úsáide as ábhair chaighdeánacha tionscail. [A luaithe a bheidh na hoibreacha críochnaithe, beidh [an tÚsáideoir nó conraitheoir an Úsáideora]] freagrach as aon athchóiriú breise a dhéantar ar an láithreáin]]

 

5. Teorainn Dliteanais

Níl feidhm ag an gcoinníoll seo sa chás gur 'tomhaltóir' thú de réir bhrí an Achta um Chearta Tomhaltóirí, 2022.

A mhéid agus is féidir de réir mar atá ceadaithe ag an dlí is infheidhme, ní bheidh ESB ná aon duine dá stiúrthóirí, fostaithe, cleamhnaithe ná ionadaithe eile faoi dhliteanas as caillteanas ná damáiste a bheidh ann mar gheall ar an úsáid a bhaineann tú as na háiseanna nó seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an Láithreán, nó tú gan a bheith ábalta iad a úsáid, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: caillteanas sonraí, ioncaim, brabúis nó deiseanna, caillteanas réadmhaoine nó damáiste do réadmhaoin, éilimh ó thríú páirtithe. Ní bheidh ESB faoi dhliteanas ná freagrach as aon chaillteanas indíreach ná iarmhartach de chineál ar bith, fiú má cuireadh ESB ar an eolas go bhféadfadh caillteanas nó damáiste mar sin a bheith ann, nó go mbeadh a leithéid de chaillteanas nó damáistí réasúnta intuartha.

Gan an méid roimhe seo a theorannú, aontaíonn an t‑úsáideoir nach mbeidh aon fhreagracht ar ESB agus nach mbeidh sé faoi dhliteanas i leith aon pháirtí maidir le haon chaillteanas nó damáistí d’aon chineál, cibé slí a tharlóidh a leithéid, a eascróidh toisc gur bhraith an t‑úsáideoir, nó aon pháirtí eile, ar an bhfaisnéis agus/nó a bhí le fáil ar an láithreán gréasáin, cibé acu faoi chonradh, nó in ábhair a bhaineann le tort, dlí, cothromas, dualgas reachtúil nó eile. 

 

6. Cuntas Thairseach an Chustaiméara a dhíchlárú

Forchoimeádann ESB an ceart aige féin, dá lánrogha féin, cuntas thairseach an chustaiméara aon úsáideora a dhíchlárú. Gan ginearáltacht an mhéid sin roimhe seo a theorannú, déanfar cuntas a dhíchlárú más rud é gur úsáideadh seoladh ríomhphoist neamhúdaraithe nó neamhbhailí le cuntas an úsáideora a shocrú nó má fhaightear treoir mar sin ó ordú cúirte nó comhlacht reachtúil nó rialála, nó má dhéanann an t‑úsáideoir na téarmaí seo a shárú. Má dhéanann ESB cuntas thairseach an chustaiméara úsáideoir a dhíchlárú, is féidir leis an úsáideoir sin cuntas nua a iarraidh in am ar bith, ach amháin i gcás go ndearnadh cuntas an úsáideora a dhíchlárú mar gheall ar shárú ar na téarmaí seo.

 

7.  Conas do Chuntas ESB Networks ar líne a chur ar ceal

Is féidir le húsáideoir a chuntas Thairseach an Chustaiméara a dhíchlárú trí teagmháil a dhéanamh le ESB Networks ar esbnetworks@esb.ie  Moltar do chustaiméirí a bhfuil iarratas ar Nasc Nua oscailte acu gan a gcuntas tairseach an chustaiméara a dhúnadh go dtí go mbeidh an t‑iarratas sin curtha i gcrích.

 

8. Cosaint Sonraí

Déanfar na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn agus a phróiseálann ESB Networks agus a bhaineann le cuntais ar Thairseach an Chustaiméara a bhainistiú de réir dlíthe cosanta sonraí agus príobháideachais. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ndéanann ESB Networks sonraí pearsanta a bhainistiú, faoi chearta an duine aonair i ndáil le sonraí pearsanta agus faoin gcaoi na cearta sin a fheidhmiú, déan tagairt don Fhógra Príobháideachais agus Beartas Fianáin.


 

9. Inúsáidteacht agus Force Majeure

Ní thugann ESB Networks gealltanas go mbeidh do chuntas ar líne ar fáil gan bhriseadh ná go mbeidh sé saor ó earráidí. Ní bheidh ESB Networks faoi dhliteanas as aon sárú ar na téarmaí seo ná as aon mhoill a bhíonn ann rochtain a thabhairt tríd an láithreán, nó má theipeann orainn an rochtain sin a chur ar fáil, mar gheall ar aon teagmhas nó cúinsí nach bhfuil neart againn orthu, go réasúnach, lena n‑áirítear, i measc nithe eile, stailceanna, frithdhúnadh agus aighnis thionsclaíocha eile, má theipeann ar an gcóras, ar an rochtain nó ar an líonra nó ar aon trealamh teicniúil eile, lena n‑áirítear bogearraí, dóiteán, pléascadh nó timpiste.


 

10. Ábhair Ilghnéitheacha

Ní thugann ESB Networks gealltanas go mbeidh tairseach an chustaiméara inúsáidte ná go mbeidh an tairseach ag feidhmiú go hiomlán. 

Féadfaidh ESB Networks aon cheann de na seirbhísí atá ar fáil ar thairseach an chustaiméara a leasú, nó cur leo, nó iad a tharraingt siar tráth ar bith, agus fógra a thabhairt ina leith nó gan é a thabhairt. 

Féadfaidh ESB Networks na Téarmaí seo a leasú tráth ar bith. Foilseofar fógra ar thairseach an chustaiméara maidir le haon leasú. Má bhaineann úsáideoir úsáid as tairseach an chustaiméara tar éis foilsiú fógra den chineál seo, glacfar leis go bhfuil an t‑úsáideoir sin tar éis glacadh leis na téarmaí sin arna leasú amhlaidh.

S chás go ndearbhóidh aon údarás breithiúnach nó údarás inniúil eile go bhfuil aon fhoráil de na Téarmaí seo ar neamhní, inchurtha ar neamhní, mídhleathach nó neamh‑infheidhmithe ar shlí eile, leanfaidh na forálacha eile de lánfheidhm agus beidh lánéifeacht acu.

Beidh an comhaontú seo faoi rialú dhlíthe Phoblacht na hÉireann agus forléireofar dá réir é, agus comhaontaíonn gach páirtí go ngéillfidh siad do dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann i dtaca le haon ní nó éileamh a thiocfaidh as tairseach an chustaiméara.


Get in touch
PHONE
1800 372 757