Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI10322

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 05 Iúil 2021
Dáta an chinnidh 30 Iúil 2021
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Beartas agus nósanna imeachta ESB Networks maidir le maoin phríobháideach úinéara talún eile a nascadh.

An bhfuil beartas, i bhfoirm chlóite, ag ESB Networks le haghaidh cásanna ina gcuireann úinéir talún amháin i gcoinne an chirt atá ag duine aonair eile nasc a bhunú leis an líonra leictreachais thar thalamh an úinéara talún sin, agus an féidir cóip den bheartas sin a fháil? (Ba leor cóip den alt/de na hailt iomchuí agus den leathanach teidil).

FOI10320

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 25 Meith 2021
Dáta an chinnidh 21 Iúil 2021
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Miondealú de réir ceantair agus dúiche ar na tobhaigh PSO ó tugadh isteach iad. Más ann do liosta ina dtugtar na ceantair dáileacháin – úsáideadh aitheantóir uimhriúil trí dhigit a bhí bunaithe ar na ceantair dáileacháin 10kV.

FOI00919

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 16 Beal 2021
Dáta an chinnidh 06 Aib 2025
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá iarratas um Shaoráil Faisnéise (SF) á chur isteach agam maidir leis an méid seo a leanas:

1. Na sonraí leictreacha agus na logaí teagmhas uile ón bhfostáisiún ar Bhóthar Thír an Iúir Thuaidh idir an 1 Aibreán 2025 agus an 15 Bealtaine 2025.

2. Na pleananna ciorcaid leictrigh ó na fostáisiúin (ar thug an teicneoir de chuid ESB Networks le fios dom gur fhéach siad orthu ar maidin an 16 Bealtaine 2025)

3. Logaí cothabhála don fhostáisiún céanna le trí bliana anuas.

FOI103310

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 29 Márta 2021
Dáta an chinnidh 20 Aib 2021
Catagóir an iarrthóra Iriseoir
Cur síos ar an iarratas

Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó ESB/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis.

Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó BSL/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig Comhairlí Contae an Chabháin/Mhuineacháin/na Mí, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis.

Taifid arna n-ullmhú nó arna mbreithniú ag an Roinn ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh

Taifid arna seoladh ag EirGrid chuig Líonraí na Roinne ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh.

FOI10311

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 24 Márta 2021
Dáta an chinnidh 20 Aib 2021
Catagóir an iarrthóra Iriseoir
Cur síos ar an iarratas

Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe an Longfoirt idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021.

Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Ros Comáin idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021

Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Liatroma idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021

FOI10309

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 05 Márta 2021
Dáta an chinnidh 23 Márta 2021
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

An costas a bhí i gceist leis an bhfoilseachán thíosluaite a chur ar fáil:

"Housing Schemes: Guidebook for ESB Networks Standards for Electrical Services Revision 5 January 2014"

FOI10299

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 25 Feabh 2021
Dáta an chinnidh 28 Feabh 2021
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

1. Taifid an phróisis soláthair maidir le dearaí oibre cruach/piolón le haghaidh thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;

(ii) cóip de na dearaí uile oibre cruach/piolón a breithníodh lena n-úsáid i dtionscadal an idirnascaire thuaidh theas; (iii) cóip den chinneadh leis an gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le dearadh oibre cruach/piolón le haghaidh an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh;

(iv) cóip den chonradh / creat-chomhaontú / tairiscint a rinneadh a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair;

(v) cóip de na dearaí agus sonraíochtaí oibre cruach/piolón a ceadaíodh do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas;

(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.

2. Taifid an phróisis soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:

(i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh;

(ii) cóip den chonradh/creat-chomhaontú/tairiscint ar éirigh leis le haghaidh soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas:

(iii) cóip den chinneadh an conradh/creat-chomhaontú/tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh:

(iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint.

3. Taifid ar aon chreat-chomhaontuithe/conarthaí/tairiscintí eile a dámhadh maidir le soláthar ábhar agus/nó oibreacha a dhéanamh ar thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear cóip den chonradh/ creat-chomhaontú/conradh, ach gan bheith teoranta dóibh.

FOI10304

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 12 Feabh 2021
Dáta an chinnidh 02 Márta 2021
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Sonraí faoi shuíomhanna in Éirinn ar tógadh teaghaisí cóngarach (taobh istigh de 5m) d’fhostáisiún.

FOI10302

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 06 Feabh 2021
Dáta an chinnidh 02 Márta 2021
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta.

FOI10301

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 01 Feabh 2021
Dáta an chinnidh 04 Feabh 2021
Catagóir an iarrthóra Iriseoir
Cur síos ar an iarratas
  1. Costas (miondealaithe de réir bliana) na hoibre cothabhála a dhéanann ESB Networks ar Shimléir an Phoill Bhig le haghaidh gach bliana ó 2015 go 2020.
  2. Miondealú ar aon chostais eile a bhaineann le stoic shimléir an Phoill Bhig, de réir bliana ó 2015 go 2020