Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10359
Cur síos ar an iarratas
Líon na ngearrthacha cumhachta ar an líne idir Ciarraí, Trá Lí agus Inse.
Ba mhaith liom na sonraí go léir atá ar taifead.
Ba mhaith liom líon na ngearrthacha cumhachta a chur i gcomparáid leis an meán náisiúnta.
FOI10358
Cur síos ar an iarratas
- Líon na bhfeithiclí agus na leantóirí ar le ESB Networks iad sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Líon na bhfeithiclí a bhí ar léas ag ESB Networks sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Costas cothabhála feithiclí sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
- Costas cothabhála leantóirí sna blianta 2019, 2020 agus 2021.
FOI10357
Cur síos ar an iarratas
FOI10356
Cur síos ar an iarratas
Gach taifead ar ghearrthacha cumhachta idir an 15 Meitheamh 2017 agus an 15 Nollaig 2021 a chuir isteach ar Pháirc Ghnó na Páirce Móire Thiar, Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Cnoc na Cathrach, Gaillimh.
FOI10353
Cur síos ar an iarratas
Gach taifead, comhfhreagras agus tuairisc, mar aon le miontuairiscí gach cruinnithe a tionóladh, maidir leis an scéim le híocaíocht €100 a dhéanamh le gach cuntas tí leictreachais.
FOI10351
Cur síos ar an iarratas
Eolas maidir le goid sreangaithe agus míreanna eile ó ESB Networks.
Líon na dteagmhas amhrasta gadaíochta inar goideadh sreangú agus infreastruchtúr eile ó ESB Networks in 2021 agus i ngach ceann de na cúig bliana roimhe sin. Chomh fada agus is féidir, tabhair sonraí maidir le gach teagmhas, lena n-áirítear luach an ábhair a goideadh
FOI10348
Cur síos ar an iarratas
FOI10346
Cur síos ar an iarratas
Cóip de na sonraí iarratais, lena n-áirítear aon uiríll a rinneadh, maidir le hathrú ar sholáthar/soláthar nua le haghaidh áitribh. Sonraí faoi gach cumarsáid idir ESB Networks agus úinéir an áitribh/an cliant de chuid BSL maidir leis na hathruithe seirbhíse sin agus na riachtanais ina leith sin.
FOI10345
Cur síos ar an iarratas
Trasnaíocht nó aschur i Neidín ón 1 Eanáir 2021 agus gach taifead ar aon ghearán den sórt sin.
Gach taifead idir ESB Networks agus aon tríú páirtí maidir le haon ghearáin den sórt sin ón 1 Eanáir 2021, go háirithe aon chumarsáid le Comhairle Contae Chiarraí, FSS, Ospidéal Neidín nó gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile.
Gach taifead a bhaineann le haon iniúchadh nó monatóireacht ar thorann, creathadh agus trasnaíocht nó aschur leictreach nó leictreamhaighnéadach i Neidín ón 1 Eanáir 2021.
Gach gearán, gach iarratas chothabhála agus gach taifead eile a bhaineann le boscaí claochladáin agus trealamh leictreach eile de chuid BSL i Neidín ón 1 Eanáir 2021.
FOI10343
Cur síos ar an iarratas
Líon na gcustaiméirí ar a bhfreastalaíonn BSL in aghaidh an chlaochladáin ísealvoltais