Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Inrochtaineacht an Láithreáin Gréasáin

Caitheann ESB Networks dúthracht le láithreán gréasáin lán-inrochtana a chur ar fáil dár gcuid custaiméirí go léir.

Tá an láithreán gréasáin seo ag teacht le treoirlínte an Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inrochtaineachta Gréasáin (WCAG 2.0 Leibhéal-AA). Tógadh le HTML5 é agus tá sé ag teacht le riachtanais JAWS.

Bímid i dteagmháil freisin le roinnt eagraíochtaí míchumais le hinrochtaineacht agus inúsáidteacht ár láithreán gréasáin a mheas agus a thástáil.

Rudaí nach bhfuil san áireamh maidir le WCAG 2.0 Leibhéal-AA

Níl an t-ábhar seo a leanas san áireamh ó thaobh chomhlíonadh riachtanais Leibhéal-AA de:

  • Doiciméid PDF
  • Feidhmchlár Cuardaithe Uimhreacha Tagartha Méadarphointe/Uimhreacha Cuntais
  • Cluiche – Cluiche 3 in Fan Slán Fan Amach

Socruithe an Láithreáin Gréasáin

Má cheapann tú go bhfuil an téacs ar an láithreán gréasáin seo róbheag le léamh go compordach, is féidir leat an méid a athrú de réir do riachtanas féin. Beidh a roghanna inrochtaineachta féin ag an mbrabhsálaí a úsáideann tú nó beidh fáil ar íoslódálacha saor in aisce le do roghanna inrochtaineachta a mhéadú agus d'eispéireas brabhsála a fheabhsú.

D'fhéadfadh sé go mbeadh breiseáin ag teastáil uait le cuid den ábhar ar an láithreán seo, ar nós físeán, a fheiceáil i do bhrabhsálaí. Is féidir teacht ar an treoir sin agus treoracha cabhracha eile maidir le cén chaoi d’eispéireas ar líne a fheabhsú ar Better web browsing: Tips for customising your computer.