Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

An Comhlacht

technicians looking at a map

Ról ESB Networks

Is é ESB Networks an t-oibreoir córais dáileacháin (DSO), an t-úinéir sócmhainní dáileacháin (DAO), agus an t-úinéir sócmhainní tarchurtha ar talamh (TAO) in Éirinn. Oibrímid chun freastal ar riachtanais gach uile chustaiméir leictreachais in Éirinn, beag beann ar an soláthraí atá acu, agus iad a nascadh leis an saol glan leictreach atá i ndán dúinn.

Mar TAO, is le ESB Networks an córas tarchurtha ardvoltais agus tá sé freagrach as é a thógáil agus a chothabháil de réir na gceanglas a leagann EirGrid síos, is é sin an t-oibreoir córais tarchurtha (TSO).

Mar DAO agus DSO, comhlíonaimid na feidhmeanna go léir a bhaineann leis an gcóras dáileacháin leictreachais, atá faoi úinéireacht againn chomh maith, lena n-áirítear bainistíocht sócmhainní, pleanáil, tógáil agus cothabháil an ghréasáin dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais. Mar DAO agus DSO, oibrímid an líonra dáileacháin meánvoltais agus ísealvoltais.

Tuilleadh eolais
Customer at home welcoming ESB Networks technician

Líonra Cumhachta na hÉireann a Nascadh

  • Tá os cionn 4,350 fostaí ag ESB Networks ar fud na tíre. Déanaimid an bonneagar leictreachais meánvoltais agus ísealvoltais a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear na stáisiúin dáileacháin, na línte lastuas, na cuaillí agus na cáblaí faoi thalamh. 
  • Cuirimid ár gcustaiméirí chun tosaigh i gcónaí, is cuma cén soláthraí leictreachais a úsáideann siad. 
  • Tá ár gcuid oibre maoinithe ag táillí 'úsáid an chórais' a ghearrann a soláthraithe leictreachais ar gach custaiméir. Tá na táillí seo ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU).
  • Mar thacú le margaí iomaíocha leictreachais, éanaimid méadair a oibriú, a shuiteáil agus a chothabháil dár mbonn ollmhór custaiméirí, agus léimid suas le ceithre huaire sa bhliain iad.  Déantar breis is 2 mhilliún méadar cliste a léamh go cianda gach lá anois. 
  • An todhchaí a chumhachtú – táimid tiomanta don saol ísealcharbóin, a bheidh cumhachtaithe ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar nós feirmeacha gaoithe.

Príomhfhíricí

An Líonra dáileacháin
184,000 km

184,000 km, fad iomlán na línte lastuas agus na gcáblaí faoi thalamh atá á mbainistiú ag ESB Networks le haghaidh dáilte.

An Córas dáilte
43,471

Nascamar 43,471 custaiméir nua (baile agus tráchtála) i 2025, rud a fhágann go bhfuil 2.5 million custaiméir san iomlán nasctha anois.

Suiteáil , oibriúcháin, a cholhabháil
2m

2m méadar cliste suiteáilte ar fud na hÉireann anois, rochtain a chur ar fáil dp chustaiméirí ar fhaisnéis faoína n-úsáid leictreachais.

ESB Networks staff discussing issues with a stakeholder at an event

Tús áite a thabhairt do riachtanais ár gcuid custaiméirí.

Technician showing his ID card to a customer