Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10266
Cur síos ar an iarratas
Léarscáil de na fostáisiúin leictreachais in Éirinn (chun inmharthanacht láithreán a mheas), Dún na nGall agus Sligeach go háirithe. Chaithfeadh an léarscáil a bheith mionsonraithe go leor chun an láithreán a shainaithint go beacht (más féidir). B’fhearr í a bheith i bhformáid PDF, más féidir.
FOI10265
Cur síos ar an iarratas
Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas ar BSL chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Cnoc Rois, Ros Cam, Gaillimh. Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Mad Yoke Farm Ltd, Seafront Farm Ltd, Sunmile Ltd, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2018 go dtí an lá inniu.
FOI10264
Cur síos ar an iarratas
Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Bóthar Chnoc Rois, Ros Cam (féach an ceangaltán). Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Proofridge Limited, Grayback Limited, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2019 go dtí an lá inniu.
FOI10261
Cur síos ar an iarratas
Dearbhú faoi aon ghearán faoi dhamáiste a fuair ESB Networks Limited ó cheantar Bhaile Chathail i gCo. Mhaigh Eo le cúig bliana anuas. Dearbhú faoi bhunús an ghearáin, m.sh. damáiste a rinne ESB Networks, nó conraitheoirí , thar a cheann, cén rud a ndearnadh damáiste dó, más bainteach, cathain agus conas a rinneadh an damáiste, agus toradh an ghearáin. Níl aon sonraí pearsanta ag teastáil – iarrtar ort aon sonraí pearsanta a bhaint chun gur féidir é a eisiúint.
FOI10259
Cur síos ar an iarratas
- Gach taifead a bhaineann le haon chomhaontú nó socrú idir ESB Networks agus úinéirí, oibreoirí nó údair an leabhair agus/nó an láithreáin gréasáin “brand new retro” agus an láithreáin gréasáin “totally Dublin”.
- Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna/srianta/luach saothair, a bhaineann le húsáid áiseanna ESB Networks, lena n-áirítear áiseanna scanála digití, agus an láithreán gréasáin “brand new retro” agus an láithreán gréasáin “totally Dublin”.
- Gach taifead a bhaineann le comhaontuithe idir ESB Networks agus an láithreán gréasáin agus/nó an leabhair “brand new retro” agus “totally Dublin”, lena n-áirítear maidir le hóstáil agus/nó úsáid íomhánna agus ábhair phriontáilte ar le ESB Networks nó lena réamhtheachtaithe corparáideacha iad. 4. Gach taifead i ndáil le ceadanna a tugadh do phearsanra neamh-ESB Networks chun dul isteach in áitribh córas ESB Networks, agus/nó chun rochtain a bheith acu ar bhonneagar agus/nó sonraí arna gcoimeád in áiseanna oidhreachta agus cartlainne ESB Networks. 5. Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna a bhaineann le hobair (le linn na n-uaireanta oifige nó lasmuigh dóibh) phearsanra ESB Networks ar thionscadail i ndáil leis na láithreáin ghréasáin agus foilseacháin “brand new retro” agus “totally Dublin”.
FOI10258
Cur síos ar an iarratas
Aon tuairiscí agus comhfhreagras inmheánach faoin tionchar féideartha ar an nGaorthadh mar thoradh ar oibreacha faoisimh tuile atá beartaithe ar an Laoi Íochtarach i gCorcaigh, 1 Eanáir 2015 go dtí dáta an iarratais seo.
FOI10257
Cur síos ar an iarratas
Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta.
FOI10254
Cur síos ar an iarratas
Taifid fabht maidir le láthair Stáisiún Fhionnradhairc (Bóthar Cadogan/Bóthar Addison) idir an 24 Eanáir 2019 agus an 20 Feabhra 2020. Líon na ngearrthacha seirbhíse i gceantar Bhóthar Cadogan/Bóthar Addison. Lena n-áirítear dátaí agus fad ama na ngearrthacha.
FOI10253
Cur síos ar an iarratas
Na miontuairiscí uile i dtaca le cruinnithe boird a tharla le linn 2019. Mura bhfuil bord agat, is leor comhlacht arb ionann agus bord é, is é sin, an t-údarás ceannais, an coiste bainistíochta, srl.
FOI10252
Cur síos ar an iarratas
- Aon taifead* a léiríonn an meánlíon bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (nó aon taifead ar féidir é a úsáid chun an meánlíon sin a ríomh), bunaithe ar bhristeacha / cur isteach neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (idir chustaiméirí cónaithe agus chustaiméirí tráchtála) ar bhonn bliantúil le haghaidh gach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo.
- Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe ar bhonn geografach i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo.
- Aon taifead* a thaispeánann na ceantair nó dúichí tarchuradóireachta a raibh an fheidhmíocht ‘is fearr’ agus ‘is measa’ acu ó thaobh cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe de i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo.
- Aon taifead* a thaispeánann faisnéis maidir le dátaí, amanna agus fad ama cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla sna blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo do chustaiméirí a bhfreastalaíonn an claochladán atá suite ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha orthu, lena n-áirítear bristeacha nach raibh fadhb ag an gclaochladán sin ina cúis leo.
- Aon taifead* a thaispeánann nó a dhéanann anailís ar mhinicíocht na mbristeacha, go náisiúnta nó i dTuaisceart Chill Mhantáin, le himeacht aon tréimhsí comparáideacha (m.sh. na cúig bliana dar críoch an 31/12/2019 i gcomparáid leis na cúig bliana dar críoch an 31/12/2014), na sonraí reatha, agus na sonraí maidir leis na blianta ó 2012 i leith
- Aon taifead* ina ndéantar anailís ar acmhainn an líonra tarchuir trína gcuirtear leictreachas ar fáil do cheantar Chill Mhantáin i gcoitinne, do na Clocha Liatha agus do Burnaby Mills go háirithe, agus ar cibé acu a bheidh sé in ann an aimsir a sheasamh nó nach mbeidh.
- Aon taifead* ina ndéantar anailís ar an éileamh náisiúnta measta ar leictreachas amach anseo, agus béim faoi leith ar éileamh ó chustaiméirí tí arna eascairt ó úsáid mhéadaithe feithiclí leictreacha.
- Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas sa amach anseo.
- Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann sna Clocha Liatha, Cill Mhantáin faoi láthair, nó a fhreastalaíonn ar an gceantar sin, an t-éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas amach anseo a shásamh.
- Aon taifead* ina ndéantar achoimre nó anailís mhionsonraithe ar chumas na nasc cónaithe atá ann faoi láthair tacú leis an éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar leictreachas amach anseo in aonaid chónaithe (tithe, árasáin nó cineálacha eile áiteanna cónaithe) ina bhfuil soláthar caighdeánach aon phas 220V agus inar gá níos mó ná feithicil leictreach amháin a luchtú gach oíche.
- Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chumas an chlaochladáin ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha éileamh reatha na dtomhaltóirí ar an leictreachas agus an t-éileamh is dócha a bheidh ann amach anseo a láimhseáil.
- Na doiciméid Príomhstaitisticí is déanaí atá ag ESB Networks (faightear doiciméad ó 2014 tríd an bhfeidhm chuardaigh ar do láithreán gréasáin)* Agus ‘aon taifead’ á iarraidh, agus ní ‘na taifid ar fad’ – Ní theastaíonn uaim ach sampla ionadaíoch de thaifid a fháil ina dtugtar ‘léargas garbh’ ar an scéal.