Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
FOI10387
Cur síos ar an iarratas
- An dtugann ESB lascaine nó fóirdheontas d’fhostaithe ar a mbillí gáis agus/nó leictreachais?
- Má thugann, cé mhéad fostaithe atá ina dteideal?
- Cén chaoi a ríomhtar an lascaine? Is é sin le rá, an méid seasta é in aghaidh an fhostaí agus, más ea, céard é an méid seasta sin? Nó an céatadán den bhille iomlán é? Nó an úsáidtear modh éigin eile?
- Cé mhéad a chosain an lascaine ar an gcuideachta sa bhliain airgeadais iomlán dheireanach? An dtiocfaidh méadú ar chostas na lascaine don chuideachta mar a thiocfaidh méadú ar phraghsanna fuinnimh?
FOI10386
Cur síos ar an iarratas
- Rochtain faoin Acht 2014 ar shonraí soláthraithe léarscáileanna ceantair do Bhaile Shligigh a úsáidtear ar láithreán gréasáin ESB Networks. Táthar ag lorg freisin dháta na léarscáile de Shligeach atá in úsáid faoi láthair ar an láithreán gréasáin, chomh maith le dáta an athbhreithnithe is déanaí.
- Rochtain faoi Acht 2014 ar aon tuairisc chorparáideach, inmheánach nó seachtrach, maidir le cén chaoi/fáth a bhfuil Ardán Martin Savage eisiata ó na léarscáileanna dá leithéid. Cathain a cuireadh tús leis an eisiamh sin?
FOI103840
Cur síos ar an iarratas
Taifid a thaispeánann líon na ndínasc leictreachais a rinne ESB Networks faoi threoir soláthraithe de bharr neamhíoc féich, ón 1 Eanáir 2019 go dtí seo, agus iad miondealaithe de réir:
- de réir míosa, más féidir – Eanáir 2019, Feabhra 2019, Márta 2019 – agus murar féidir, de réir ráithe. Bídís miondealaithe de réir líon na nasc cónaithe agus neamhchónaithe in aghaidh na míosa chomh maith
- agus ba mhaith liom go mbeadh na figiúirí miondealaithe de réir an lín taobh istigh de Chontae Bhaile Átha Cliath agus taobh amuigh de Chontae Bhaile Átha Cliath chomh maith
FOI10383
Cur síos ar an iarratas
Eolas maidir le dáta nasctha/mionsonraí ar na céimeanna/aonaid aonair agus suiteáil méadar i bhforbairt fraoch Drynham, Fiodh Troim, Cionn Sáile, Co. Bhaile Átha Cliath.
FOI10381
Cur síos ar an iarratas
Gach taifead agus comhfhreagras maidir le tuile, cosaint ó thuile agus doirteadh séarachais ar Dhumhach Thrá le hOifig na nOibreacha Poiblí, Uisce Éireann agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Gach comhfhreagras leis na páirtithe thuas maidir leis an raon rothar atá beartaithe ar Bhóthar an Chladaigh agus Bóthar na Trá, Dumhach Thrá.
FOI10382
Cur síos ar an iarratas
Cóip de mhiontuairiscí an bhoird don tréimhse sé mhí is déanaí atá ar fáil.
FOI10380
Cur síos ar an iarratas
Cóipeanna de gach tuairisc ráithiúil tuillimh/brabúis/airgeadais a tiomsaíodh do ESB Networks go dtí seo i mbliana.
FOI10378
Cur síos ar an iarratas
FOI10376
Cur síos ar an iarratas
Ar an 8/10/2021 fuair mé ríomhphost uait mar fhreagra ar iarratas SF maidir le gearrthacha i mo cheantar ‑ SF 10341. Is mian liom anois an fhaisnéis chéanna a iarraidh go dtí an 8/7/2022 agus an dáta sin san áireamh. I gcás beagnach gach gearradh inár gceantar bíonn na 106 custaiméir céanna thíos leis ach níl an figiúr sin le feiceáil in aon áit ar an liosta a fuair mé.
FOI10375
Cur síos ar an iarratas
Rochtain ar aon mheastóireachtaí seachtracha ar bhord ESB ó 2018 i leith.