An Beartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP)*
Cad é an ECP?
Is é an próiseas faoin mBeartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP) an bealach reatha ar féidir tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le gineadóirí, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais. An 25 Meán Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) cinneadh ar an mBeartas Nasctha Leictreachais – Giniúint agus Seirbhísí Córais (ECP-GSS), áit a leagtar síos an beartas maidir le tionscadail teicneolaíochta in-athnuaite ar tír nó thraidisiúnta a bhaineann le gineadóirí, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais. Tá na hOibreoirí Córais ag obair leis an CRU ar na bearta a leagtar amach sa pháipéar cinnidh sin. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Páipéar Cinnidh ar an mBeartas Nasctha Leictreachais – Giniúint agus Seirbhísí Córais (CRU/2024101).
Mar a leagtar amach sa pháipéar cinnidh, osclófar baiscfhuinneog ECP-2.5 an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus dúnfar an 30 Samhain 2024 í. Beidh sí nach mór mar an gcéanna le ECP-2.4, gan ach roinnt athruithe beaga déanta uirthi.
Le tuilleadh sonraí a fháil, féach Páipéar Cinnidh ECP‑2 (CRU/20/060), Sraith Rialacha ECP-2 agus Cinneadh ECP-2.4 (CRU202326).
ECP-2.5 catagóiriú iarratais
Catagóir | Cur Síos | Sprioclíon tairiscintí | Tosaíocht |
---|---|---|---|
A | A Tionscadail theicneolaíochta maidir le stóráil, giniúint agus seirbhísí córais eile (MEC>0.5MW) | 70 | An chéad 25 ceann ar na gineadóirí fuinnimh in-athnuaite is mó; an chuid eile don dáta is luaithe ó thaobh cead pleanála a fháil de; 10 gcinn stórála ar a mhéad (i gcás go bhfuil 100% den MEC le haghaidh stórála) agus tionscadail teicneolaíochta seirbhíse córas eile |
B | Tionscadail bheaga (MEC>0.2MW agus ≤0.5MW), tionscadail thrialacha sheirbhísí córais DS3 (MEC≤0.5MW) agus Uatáirgeoirí | 15 | Dáta fála na foirme iarratais comhlánaithe is luaithe. |
C | 100% tionscadail fuinnimh in-athnuaite faoi úinéireacht an phobail (MEC≥0.5MW agus ≤5MW) | 15 | Dáta deonaithe an cheada pleanála agus ansin dáta fála na foirme iarratais comhlánaithe. |
Faisnéis Iarratais agus Uirlisí
Ceisteanna coitianta
Céim 1 – Cuir eolas ar an bpróiseas
Le Tionscadal Fuinnimh In-Athnuaite faoi stiúir an Phobail a nascadh leis an líonra leictreachais, ní mór duit cloí leis na céimeanna atá leagtha amach i gCuid 3 den doiciméad darb ainm Na Rialacha le haghaidh Chéim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2).
Tábhachtach: Léigh an doiciméad seo sula dtosóidh tú ar d'iarratas.
Céim 2- Faigh Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis agus Plean Láithreáin
Faigh léarscáil 1:50,000 'Discovery Series' de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus bíodh suíomh do ghineadóra nua agus teorainn an láithreáin marcáilte go soiléir le peann dearg uirthi.
Beidh plean mionsonraithe láithreáin de réir scála cuí ag teastáil uait chomh maith, ar a mbeidh idir shuíomh do ghineadóra nua agus teorainn an láithreáin marcáilte go soiléir le peann dearg.
Céim 3 - Déan Iarratas
Foirm Iarratais
Tá na foirmeacha iarratais maidir le gineadóirí nuashonraithe de réir Bheartas 2 maidir le Naisc Sheasmhacha, CRU/20/060. Le cur isteach ar bhaisc ECP-2.1, comhlánaigh an fhoirm iarratais is cuí:
Foirm Iarratais ar Nasc Gineadóra Nua (NC5):
Íoslódáil an fhoirm mar PDF | 603 KB
Foirm Iarratais ar Nasc Gineadóra Nua (NC5A):
Íoslódáil an fhoirm mar PDF | 527 KB
Tá sé mar aidhm ag na hOibreoirí Córais go n-eiseofaí 15 Thionscadal Fuinnimh faoi Stiúir an Phobail i ngach baisc de ECP-2.
Foirm Dhearbhaithe maidir le Tionscadal Fuinnimh faoi stiúir an Phobail
Éilítear ar an iarratasóir le haghaidh Tionscadal Fuinnimh faoi stiúir an Phobail foirm dhearbhaithe maidir le Tionscadal Fuinnimh faoi stiúir an Phobail a chomhlánú freisin, áit a ndeimhníonn sé go bhfuil an tionscadal ag teacht leis an sainmhíniú ar thionscadal fuinnimh in-athnuaite faoi stiúir an phobail:
Íoslódáil an Fhoirm mar PDF | 208 KB
Tabhair do d'aire: Ní mór gach doiciméad a bhaineann leis an iarratas a chur isteach i bhformáid leictreonach.
Cuir na comhaid tríd an ríomhphost chuig:
Táillí Iarratais
MIC & Raonta Toillte Giniúna AC Suiteáilte
|
A |
B |
C |
---|---|---|---|
Micrighiniúint* | €0 | €0 | €0 |
Mionghiniúint** | €0 | €795 | €0 |
Giniúint ar an Mionchóir*** | €0 | €995 | €0 |
Gan Chlúdach os cionn ≤ 500 kW | €0 | €1,888 | €0 |
> 500kW ≤ 1 MW | €0 | €10,722 | €0 |
> 1 MW ≤ 2 MW | €7,560 | €16,343 | €0 |
> 2 MW ≤ 6 MW | €15,121 | €21,964 | €0 |
> 6 MW ≤ 10 MW | €26,145 | €22,226 | €22,226 |
> 10 MW ≤ 20 MW | €26,145 | €40,094 | €41,837 |
> 20 MW ≤ 100 MW | €42,978 | €57,588 | €47,938 |
> 100 MW | €58,852 | €61,679 | €54,539 |
Tábla 1 – Táillí Iarratais Tairisceana Naisc (gan CBL a áireamh) - 2025
Éileamh amháin: Táille = AMIC + CMIC – D
Táillí Mionathraithe
Leibhéal
|
Éarlais neamh-inaisíoctha
|
Iarmhéid na táille
|
Iomlán na táille
|
---|---|---|---|
Leibhéal 1 | €1,046 | €0 | €1,046 |
Leibhéal 1.5 | €1,046 | €5,260 | €6,306 |
Leibhéal 2 | €1,046 | €10,521 | €11,567 |
Leibhéal 2.5 | €1,046 | €15,964 | €17,010 |
Leibhéal 3 | €1,046 | €21,407 | €22,453 |
Leibhéal 3.5 | €1,046 | €25,830 | €26,876 |
Leibhéal 4 | €1,046 | €30,252 | €31,298 |
Tábla 2 - Táillí Mionathraithe (gan CBL a áireamh)
Treoir céim ar chéim

I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin. Breathnaigh ar ár leathanach maidir leis na Cóid Líonra Eorpacha, atá le fáil ag an nasc thíos, le tuilleadh faisnéise a fháil:
Na Cóid Líonra Eorpacha