Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Micrighiniúint

Cén fáth a dtruipeálann m'inbhéartóir de dheasca róvoltais ar laethanta breá gréine?

Ar laethanta breá gréine, seans go ndéanfaidh do chóras fótavoltach níos mó leictreachais a tháirgeadh ná mar a bheidh á úsáid ag do theach ag an am áirithe sin. Ina leithéid de chásanna, déanfar an bharraíocht leictreachais a easpórtáil chuig córas ESB Networks.

 

Nuair a bhíonn go leor tithe i do cheantar ag easpórtáil leictreachais ag an am céanna, is féidir leis an voltas ar an líonra ísealvoltais áitiúil dul i méid. Is gnáthghné é sin den chaoi a n-oibríonn líonraí leictreachais agus is mó an seans go dtarlóidh sé nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh agus an t-éileamh áitiúil ar leictreachas íseal.

 

Tá an t-inbhéartóir (cuid de do chóras fótavoltach) deartha chun monatóireacht a dhéanamh ar an voltas go leanúnach. Má bhíonn an voltas ró-ard ar feadh tréimhse rófhada, laghdóidh an t-inbhéartóir an t-aschur nó múchfaidh sé é féin go huathoibríoch, ag brath ar an gcaoi a bhfuil sé socruithe agus deartha. Gné shábháilteachta é sin a chinntíonn go n-oibríonn do chóras fótavoltach i gceart leis an líonra leictreachais.

 

Tá soláthar leictreachais na hÉireann bunaithe ar voltas ainmniúil 230 V. Oibríonn ESB Networks an córas leictreachais i gcomhréir leis an gCód Dáileacháin, ina leagtar síos gur ceadmhach don voltas ag pointe nasctha an chustaiméara a bheith taobh istigh de raon ceadaithe thart ar an tsoláthair ainmniúil 230 V. Is féidir leis an raon sin dul chomh hard le 253 V (+10%) faoi na gnáthdhálaí oibriúcháin.

 

Ní mór don inbhéartóir cloí le Caighdeán Eorpach EN 50549-1, rud a chinntíonn oibriú sábháilte acmhainní micrighiniúna ar an líonra. De réir an chaighdeáin sin:

 

  • Déanann an t-inbhéartóir monatóireacht leanúnach ar an voltas
  • Tá sé deartha chun aschur a laghdú nó dícheangal go huathoibríoch má théann an voltas gar do thairseacha cosanta sainithe nó má sháraítear iad
  • Ní sháróidh an t-uasleibhéal truipeála um chosaint voltais 269 V ar feadh níos mó ná 70 soicind, agus ag an bpointe sin ní mór don inbhéartóir dícheangal chun do shuiteáil agus an líonra leictreachais araon a chosaint
  • Le linn tréimhsí ardghiniúna gréine (mar shampla, laethanta grianmhara nuair a bhíonn an t-éileamh áitiúil íseal), seans go rachaidh an voltas i méid i dtreo na dteorainneacha sin. Má tharlaíonn a leithéid, seans go múchfaidh an t-inbhéartóir é féin. Is gnáthrud é seo, agus is rud é a bhfuiltear ag súil leis.

    Cad is féidir liom a dhéanamh?

    Ní chiallaíonn sé i gcónaí go bhfuil locht ann má thruipeálann an t-inbhéartóir ó am go chéile agus é an-ghrianmhar. Mar sin féin, má bhíonn d'inbhéartóir ag truipeáil go minic nó ar feadh tréimhsí fada, seans gur mhaith leat na rudaí seo a leanas a thriail:

    • Téigh i dteagmháil leis an suiteálaí agus iarr air cumraíocht agus sreangú an chórais a sheiceáil
    • Iarr ar an suiteálaí na nithe seo a leanas a sheiceáil:
      • go bhfuil na socruithe cearta cosanta a bhaineann le hÉirinn i bhfeidhm ar an inbhéartóir;
      • go bhfuil an suiteáil i gcomhréir leis na caighdeáin chuí;
    • I gcásanna áirithe, b’fhéidir go mbeifeá in ann a mhinice a tharlaíonn teagmhais truipeála a laghdú ar na bealaí seo a leanas:
      • Leictreachas a úsáid i do theach sa lá (m.sh. fearais tí a chur ag gabháil, feithiclí leictreacha a luchtú)
      • Stóras ceallraí nó rialuithe cliste fuinnimh a shuiteáil
    • Tar éis do do shuiteálaí seiceálacha a dhéanamh, má dheimhníonn sé nó sí go bhfuil do chóras ag feidhmiú de réir na gcaighdeán, is féidir le ESB Networks measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá an líonra ag feidhmiú laistigh de na teorainneacha riachtanacha nó nach bhfuil. Ar an leathanach Measúnú voltais ar ár láithreán gréasáin, is féidir leat logáil isteach i do Chuntas ar Líne ESB Networks nó ceann a chruthú chun a shocrú go ndéanfaí measúnú voltais ar d'áitreabh.

     

    Mar achoimre

    Tá an t-inbhéartóir deartha chun oibriú go sábháilte laistigh de theorainneacha voltais ESB Networks agus i gcomhréir le EN 50549-1 (socruithe inbhéartóra). Déanfaidh sé é 

féin a dhícheangal nuair a bhraitear voltas ró-ard chun do chuid trealaimh, do chomharsana agus an líonra leictreachais a chosaint. Ní ceadmhach socruithe cosanta an inbhéartóra a athrú gan cead a fháil roimh ré ó ESB Networks.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi shocruithe cosanta i gCuid 2 den Bheartas maidir leis na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna PDF | 518 KB

 

 

Cad ba chóir dom a dhéanamh mura bhfuil mé chun Micrighineadóir a shuiteáil?

Tar éis duit Foirm NC6 a chur isteach, tá sé tábhachtach ESB Networks a chur ar an eolas mura mbíonn do chuid teicneolaíochta micrighiniúna nasctha ar chúis ar bith le go mbeidh ESB Networks in ann do MEC a bhaint.


Ina theannta sin, má stopann an teicneolaíocht mhicrighiniúna ag feidhmiú ar bhonn buan, tá sé tábhachtach ESB Networks a chur ar an eolas faoi le go mbeimid in ann an MEC a bhaint.;


Más mian leat iarraidh ar ESB Networks do MEC a bhaint, déan teagmháil le; NetworksServicesBureau@esb.ie.

Cad ba chóir dom a dhéanfaidh más mian liom micrighiniúint a bhaint nó tuilleadh a shuiteáil?

Má tá tú ag smaoineamh faoin MEC reatha a laghdú nó a mhéadú, beidh ort Foirm nuashonraithe NC6 a chur isteach chuig ESB Networks mar aon le Deimhniú Tástála Cineáil nuashonraithe agus ábhar tacaíochta eile. Don phróiseas micrighiniúna dar teideal ‘cuir in iúl agus suiteáil’, an uasteorainn ar an inbhéartóir a shuiteálfar ná 6kVa má tá ceann aon phas le bheith ann agus 11kVa má tá ceann trí phas le bheith ann. Más mian leat dul níos airde ná na teorainneacha sin, is gá Mionghiniúint a mheas. Sa chás sin, caithfear measúnú teicniúil a dhéanamh le go mbeidh ESB Networks in ann meastachán a eisiúint don nascadh. Féach Mionghiniúint  anseo


Tabhair do d'aire: Má chuirtear painéil PV breise taobh thiar de inbhéartóir atá níos lú ná 6kVA (aon phas) nó 11kVA (trá phas) ní gá cead a fháil ó ESB Networks.


Sula dtabharfaidh tú faoi, molann ESB Networks duit eolas a chur ar an ‘Treoir Céim ar Chéim’ ar an nasc  seo.

Cé na sonraí a bhaileofar ó mo mhéadar cliste?
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha sonraí a bhaileoidh ESB Networks ó do mhéadar cliste, féach an nasc seo:  Tuilleadh eolais maidir le Méadair Chliste agus Sonraí.
An gá daoibh i ngach cás méadar cliste a shuiteáil a dhéanfaidh an easpórtáil a thaifeadadh?

Is gá. Má tá tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, beidh ort méadar cliste a bheith agat le híocaíocht a fháil as an méid fuinnimh a dhéanann tú a easpórtáil. I gcás go bhfuil custaiméir i dteideal méadar cliste, déanfaidh ESB Networks a dhícheall méadar cliste a shuiteáil tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis do ESB Networks foirm bhailí NC6 a phróiseáil.


Ní bheidh íocaíocht as easpórtáil ag dul duit le linn na tréimhse feithimh le méadar cliste a shuiteáil. Déanfaidh ESB Networks teagmháil leat roimh shuiteáil do mhéadair chliste. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár um méadrú cliste, féach An tUasghrádú chuig Méadair Chliste


Mura bhfuil tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den chlár, féadfar tú a íoc bunaithe ar ríomh measta easpórtála.


Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, agus cén sórt méadair a chaithfidh tú a bheith agat, féach láithreán gréasáin an CRU ag an nasc seo:Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte - an Coimisiún um Rialáil Fóntais (cru.ie)

Cén próiseas atá ann chun Micrighineadóir a shuiteáil i bhfoirgneamh nuathógtha?

Is gá do theach nua a nascadh leis an eangach sula mbeifear in ann an Micrighineadóir a shuiteáil. Is féidir Foirm Iarratais ar Mhicrighiniúint a chur isteach agus iarratas á dhéanamh agat ar an nasc tí. Féach an freagra ar “An féidir liom mo mhicrighineadóir a nascadh le córas ísealvoltais ESB Networks?” thuas agus gheobhaidh tú sonraí faoin bpróiseas nasctha chomh maith le cóipeanna d’aon fhoirmeacha a bheidh ag teastáil. 

An t-ionadaí ó Safe Electric a dhéanfaidh an Micrighineadóir a shuiteáil, tabharfaidh an duine sin deimhniú sreangaithe don chustaiméir. Ba cheart don chustaiméir é sin a choinneáil dá úsáid féin.

An féidir liom mo mhicrighineadóir a nascadh le córas ísealvoltais ESB Networks?

Is féidir. Is féidir micrighineadóir a nascadh agus a chlárú i gcomhar le ESB Networks ar choinníoll go gcomhlíontar na riachtanais seo thíos. 


Cuir eolas ar an bpróiseas. Léigh an leagan is deireanaí den doiciméad Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna | Breathnaigh ar an PDF | 504 KB


Féach  Foirm Iarratais NC6 

Tabhair do d'aire: Táthar i ndiaidh an NC6-01-R6 a leasú go NC6-01-R7. Fágann sé sin go mbíonn an rogha ann don suiteálaí ó Safe Electric gealltanas a thabhairt socruithe cosanta a fhíorú tráth na suiteála, seachas roimh an tsuiteáil.

An féidir liom Micrighineadóir, Mionghineadóir nó Gineadóir ar an Mionchóir a úsáid le linn gearradh cumhachta ar an líonra leictreachais?

Is iondúil go mbíonn na gineadóirí seo deartha chun múchadh nuair a bhíonn an soláthar ón líonra leictreachais dícheangailte.

Gné shábháilteachta é sin de na córais chosanta a bhíonn ina gcuid de ghléasanna dá leithéid. Cosnaíonn an ghné seo an gineadóir féin agus cinntíonn freisin nach gcruthóidh an gineadóir guais fhéideartha i gcás lochta tríd an líonra seachtrach leictreachais a dhéanamh beo.

Bíodh sin mar atá, is féidir gineadóirí áirithe a shuiteáil sa chaoi gur féidir iad a oibriú nuair a bhíonn an soláthar leictreachais dícheangailte. Leis an méid sin a dhéanamh, ní mór don áitreabh a bheith aonraithe go fisiciúil ón líonra seachtrach leictreachais. Ceanglas sábháilteachta é sin faoi Rialacháin Sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus éilíonn sé lasc aistrithe agus athruithe eile ar shreangú inmheánach an áitribh le gur féidir an gineadóir oibriú go sábháilte. Le teacht ar a thuilleadh eolais faoi na gineadóirí seo, lena n-áirítear a mbeadh ag teastáil uait le hé seo a chumasú i d’áitreabh féin, déan teagmháil le leictreoir cláraithe de chuid Safe Electric, le cuideachta oiriúnach suiteála gineadóirí nó le monaróir trealaimh gineadóra go díreach.

Cad iad na hathruithe atá déanta ar an Micrighiniúint?

Cloíonn micrighineadóirí le IS EN 50549-1 fós. Tá athbhreithniú déanta ar na socruithe cosanta inmheánacha ionas go mbeifear in ann i bhfad níos mó Micrighiniúna a nascadh ar an líonra.


Ina theannta sin, chun soiléireacht agus simplíocht a thabhairt, déantar rátáil easpórtála 6kVA (aon phas) nó 11kVA (trí phas) a mheasúnú anois bunaithe ar mhéid an inbhéartóra trína n-iompraíonn na painéil fhótavoltacha an ghiniúint. An chúis leis seo ná go ndéanfaidh an t-inbhéartóir aon aschur a theorannú go 6kVA/11kVA, fiú má shuiteáiltear giniúint ar leibhéal ró-ard (os cionn 6/11kVA) taobh thiar den inbhéartóir, chun giniúint kWh a mhéadú nuair a bhíonn leibhéil níos ísle solais ann.


Mar sin féin, ní féidir leis an easpórtáil is mó ón inbhéartóir éirí níos mó ná 6kVA (aon phas) ná 11kVA (trí phas).


Tabhair do d'aire: Ní ach micrighineadóirí atá cláraithe atá i dteideal aon íocaíochtaí as easpórtáil.

Cén costas atá ar mhicrighineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais?

Níl aon mhuirear ann chun micrighineadóir a nascadh le líonra ESB ar an gcoinníoll gur micrighiniúint atá ann ar féidir a nascadh faoin bpróiseas ‘cuir in iúl agus suiteáil’, is é sin, aon phas suas le 6kVA nó trá phas suas le 11kVA.

Is cosúil go bhfuil difríocht idir mo luachanna easpórtála i gcomhad HDF ESB Networks agus a bhfuil á thaispeáint ar mo mhéadar cliste. Céard is cúis leis sin?

I gcás nach n-éiríonn le ESB Networks do mhéadar a léamh agus luachanna easpórtála cliste a thaifeadadh thar thréimhse 8 lá, cuirfimid luachanna measta easpórtála ar fáil do do sholáthraí ina n-áit. Is é dearadh na scéime eatramhaí micrighiniúna nach gcuirfear luachanna iarbhír easpórtála in ionad na luachanna measta easpórtála. Fágann sé sin, i gcásanna inar cuireadh luachanna measta chuig do sholáthraí, nach mbeidh na sonraí a úsáideadh i gcomhair luach saothair i gcomhréir leis na sonraí a taifeadadh ar an méadar cliste, nó ar chomhaid HDF ESB Networks.

Tá méadar cliste agam ach tugtar easpórtáil mheasta dom ar laethanta áirithe. Céard is cúis leis sin?

I gcás nach n-éiríonn le ESB Networks do mhéadar a léamh agus luachanna easpórtála cliste a thaifeadadh thar thréimhse 8 lá, cuirfimid luachanna measta easpórtála ar fáil do do sholáthraí ina n-áit. Is eol do do sholáthraí na cásanna inar cuireadh luachanna measta easpórtála ar fáil maidir le do MPRN (uimhir thagartha mhéadarphointe) agus cén fáth a ndearnadh amhlaidh. Is féidir le do sholáthraí míniú a thabhairt duit.

Céard a tharla don leictreachas a d’easpórtáil mé chuig an eangach sula ndearnadh m’Uasacmhainn Easpórtála a nuashonrú? An féidir liom íocaíocht a fháil as an leictreachas sin?

Ní féidir. Caithfear d’Uasacmhainn Easpórtála a chlárú le ESB Networks chun ceadú do ESB Networks luachanna easpórtála a thaifeadadh (Méadar Cliste) nó luachanna measta a ríomh (Easpórtáil Mheastha), agus na luachanna sin a chur ar fáil do do Sholáthraí. Mura bhfuil d’acmhainn easpórtála cláraithe agat le ESB Networks, ní bheidh tú incháilithe íocaíocht a fháil ó do Sholáthraí cláraithe.

Cén chaoi ar féidir liom an ríomh measta easpórtála a úsáid le mo luachanna easpórtála a ríomh?

I bPáipéar Cinnidh 21/131 ón CRU maidir leis an Ráthaíocht Eatramhach um Easpórtáil Ghlan - Páipéar Cinnidh (Íoslódáil PDF | 762KB), cinneadh gur mar seo a leanas a bheadh an fhoirmle easpórtála measta a d’úsáidfí ó thús deireadh na Scéime Eatramhaí Micrighiniúna:

Uasacmhainn Easpórtála x Fachtóir Acmhainne x Fachtóir Easpórtála.

Tugann sé sin figiúr in kW maidir le heatramh 30 nóiméad, agus is féidir é sin a iolrú faoi 48 chun an t-iomlán laethúil a fháil. Ós rud é go bhféadfar na fachtóirí Acmhainne agus Easpórtála a athrú amach anseo, molann ESB Networks do chustaiméirí tagairt a dhéanamh do threoir ón CRU le teacht ar na figiúirí is infheidhme. Amhail ó mhí Lúnasa 2023, is é 0.097 an Fachtóir Acmhainne agus is é 0.35 an Fachtóir Easpórtála.

Cé mhéad leictreachais atá easpórtáilte agam ar ais chuig an eangach ó thosaigh an scéim tacaíochta micrighiniúna?

Má tá méadar cliste agat, is féidir é sin a sheiceáil trí Thairseach an Chustaiméara, atá ar fáil anseo. Caithfear logáil isteach ar Thairseach an Chustaiméara le teacht ar na sonraí.

Roimhe seo, roghnaigh mé gan glacadh le méadar cliste. Cén chaoi ar féidir an rogha sin a athrú?
Má roghnaigh tú roimhe seo gan glacadh le méadar cliste, is féidir teagmháil a dhéanamh go díreach le ESB Networks le suiteáil méadair chliste a iarraidh ar an uimhir 1800 928 123. Mar mhalairt rogha, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí cláraithe leictreachais atá agat agus méadar cliste a lorg.
Cén fáth ar cheart dom a chur in iúl do ESB Networks go bhfuil mé chun Micrighineadóir a shuiteáil?

Is féidir le micrighineadóirí turraing leictreach a thabhairt do dhuine nó guais chontúirteach a chruthú duit féin nó do do chomharsana. Ar mhaithe le do shábháilteacht féin, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh an t-aonad na caighdeáin sábháilteachta go léir.


Ní ach custaiméirí a chuireann foirm bhailí NC6 chuig ESB Networks a bhíonn incháilithe don Dearbhú eatramhach ar Easpórtáil Ghlan.


Tabhair do d'aire: D'fhéadfá a bheith faoi dhliteanas dá ndéanfadh do gineadóir damáiste don ghréasán leictreachais nó don phobal i gcoitinne.

Cá bhfuil an t-eolas maidir le trealamh cáilitheach agus lucht suiteála Micrighineadóirí?

Níl aon fheidhm ag ESB Networks maidir le trealamh nó lucht suiteála a cháiliú. Mar sin féin, mar chuid den iarracht chun faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí maidir le trealamh agus lucht suiteála cáilithe ar mian leo an taraif a fháil, beidh liostaí ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann de tháirgí agus lucht suiteála cláraithe a bhfuil na caighdeáin agus an creidiúnú ábhartha á gcomhlíonadh acu.


Tá an liostaí á gcur le chéile faoi láthair agus beidh siad ar fáil go gairid ar shuíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana Éireann anseo:

Clár Lucht Suiteála


Ba cheart do sholáthraithe agus do lucht suiteála ar mian leo clárú teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Údarás:

01 8369080


Nó seol r-phost chuig:

info@seai.ie

An féidir liom Gineadóir níos mó a shuiteáil?

Is féidir. I gcás gineadóirí aon phas atá os cionn 25 aimpéar (thart ar 6kVa), agus gineadóirí trí phas a bhfuil 16 aimpéar sa phas acu (thart ar 11kVa).


Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi ‘Naisc Ghineadóra’ (www.esbnetworks.ie)

Cén chaoi ar féidir liom a fháil amach an bhfuil mé i dteideal méadar cliste sa chéim seo den chlár?

Faoi láthair, tá tú i dteideal méadar aon phas MCC01 (24 uair an chloig) nó MCC02 (Lá/Oíche) a mhalartú ar mhéadair chliste faoi scéim ESB Networks um an méadrú cliste.


Faoin scéim sin, cuirfear tús in 2025 le malartuithe Méadair Cliste do chustaiméirí a bhfuil méadar trí phas acu.


Mura bhfuil tú i dteideal méadar cliste faoi láthair, d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochta bunaithe ar an méid measta leictreachais a easpórtálann tú, go dtí cibé uair a bheidh méadar cliste suiteáilte ag d’áitreabh.

Can’t find what you’re looking for? We’re here to help.

Contact us