Tá breis agus dhá mhilliún méadar cliste suiteáilte ag ESB Networks anois i dtithe, i bhfeirmeacha agus i ngnólachtaí ar fud na hÉireann. Fágann sé sin gur féidir le níos mó ná ceithre theaghlach as gach cúig cinn leas a bhaint as teicneolaíocht an mhéadair chliste.
Cuireann méadair chliste faisnéis mhionsonraithe ar fáil do chustaiméirí faoin méid leictreachais a úsáideann siad agus faoin am a n-úsáideann siad é, faisnéis ar féidir leo teacht uirthi go díreach trí Chuntas ar Líne ESB Networks. Cuireann sé sin ar chumas custaiméirí leictreachas a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, an méid a úsáideann siad a laghdú agus dul leis an taraif chliste is fearr a fheileann dá dteaghlach.
Tá an clár ag leanúint ar aghaidh agus mura bhfuil méadar cliste faighte agat go fóill, is féidir leat an Fhoirm Chláraithe le haghaidh Méadar Cliste a chomhlánú le ceann a iarraidh.
Cláraigh le haghaidh cuntas ar líne