Caithfidh tú na sonraí seo a leanas a bheith agat:AinmSeoladh an láithreáinSeoladh i gcomhair comhfhreagraisSeoladh ríomhphoistUimhir fóin theagmhálaCaithfear léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (scála 1:2500 i gceantair faoin tuaithe, 1:1000 i gceantair uirbeacha) agus plean láithreáin (scála 1:100-1:500) a chur isteach. Bíodh an láithreán imlínithe i ndath dearg ar an léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Is iad seo na léarscáileanna céanna a theastaíonn le cead pleanála a fháil. Déan cinnte go bhfuil imlíne dhearg thart ar d’fhoirgneamh ar na léarscáileanna seo. Is féidir léarscáileanna a ordú ag www.osi.ieComhordanáidí láithreáin a thugann suíomh beacht geografach d'áitribhAn acmhainn nasctha a bheidh ag teastáil uait agus sonraí faoi aon lóid throma, amhail teaschaidéil. Téigh i gcomhairle le do Chonraitheoir Leictreach lena chinntiú go gcuirfimid soláthar leordhóthanach ar fáil.