Faigh nasc
Cén fáth a dtruipeálann m'inbhéartóir de dheasca róvoltais ar laethanta breá gréine?
Ar laethanta breá gréine, seans go ndéanfaidh do chóras fótavoltach níos mó leictreachais a tháirgeadh ná mar a bheidh á úsáid ag do theach ag an am áirithe sin. Ina leithéid de chásanna, déanfar an bharraíocht leictreachais a easpórtáil chuig córas ESB Networks.
Nuair a bhíonn go leor tithe i do cheantar ag easpórtáil leictreachais ag an am céanna, is féidir leis an voltas ar an líonra ísealvoltais áitiúil dul i méid. Is gnáthghné é sin den chaoi a n-oibríonn líonraí leictreachais agus is mó an seans go dtarlóidh sé nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh agus an t-éileamh áitiúil ar leictreachas íseal.
Tá an t-inbhéartóir (cuid de do chóras fótavoltach) deartha chun monatóireacht a dhéanamh ar an voltas go leanúnach. Má bhíonn an voltas ró-ard ar feadh tréimhse rófhada, laghdóidh an t-inbhéartóir an t-aschur nó múchfaidh sé é féin go huathoibríoch, ag brath ar an gcaoi a bhfuil sé socruithe agus deartha. Gné shábháilteachta é sin a chinntíonn go n-oibríonn do chóras fótavoltach i gceart leis an líonra leictreachais.
Tá soláthar leictreachais na hÉireann bunaithe ar voltas ainmniúil 230 V. Oibríonn ESB Networks an córas leictreachais i gcomhréir leis an gCód Dáileacháin, ina leagtar síos gur ceadmhach don voltas ag pointe nasctha an chustaiméara a bheith taobh istigh de raon ceadaithe thart ar an tsoláthair ainmniúil 230 V. Is féidir leis an raon sin dul chomh hard le 253 V (+10%) faoi na gnáthdhálaí oibriúcháin.
Ní mór don inbhéartóir cloí le Caighdeán Eorpach EN 50549-1, rud a chinntíonn oibriú sábháilte acmhainní micrighiniúna ar an líonra. De réir an chaighdeáin sin:
- Déanann an t-inbhéartóir monatóireacht leanúnach ar an voltas
- Tá sé deartha chun aschur a laghdú nó dícheangal go huathoibríoch má théann an voltas gar do thairseacha cosanta sainithe nó má sháraítear iad
- Ní sháróidh an t-uasleibhéal truipeála um chosaint voltais 269 V ar feadh níos mó ná 70 soicind, agus ag an bpointe sin ní mór don inbhéartóir dícheangal chun do shuiteáil agus an líonra leictreachais araon a chosaint
- Téigh i dteagmháil leis an suiteálaí agus iarr air cumraíocht agus sreangú an chórais a sheiceáil
- Iarr ar an suiteálaí na nithe seo a leanas a sheiceáil:
- go bhfuil na socruithe cearta cosanta a bhaineann le hÉirinn i bhfeidhm ar an inbhéartóir;
- go bhfuil an suiteáil i gcomhréir leis na caighdeáin chuí;
- I gcásanna áirithe, b’fhéidir go mbeifeá in ann a mhinice a tharlaíonn teagmhais truipeála a laghdú ar na bealaí seo a leanas:
- Leictreachas a úsáid i do theach sa lá (m.sh. fearais tí a chur ag gabháil, feithiclí leictreacha a luchtú)
- Stóras ceallraí nó rialuithe cliste fuinnimh a shuiteáil
- Tar éis do do shuiteálaí seiceálacha a dhéanamh, má dheimhníonn sé nó sí go bhfuil do chóras ag feidhmiú de réir na gcaighdeán, is féidir le ESB Networks measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá an líonra ag feidhmiú laistigh de na teorainneacha riachtanacha nó nach bhfuil. Ar an leathanach Measúnú voltais ar ár láithreán gréasáin, is féidir leat logáil isteach i do Chuntas ar Líne ESB Networks nó ceann a chruthú chun a shocrú go ndéanfaí measúnú voltais ar d'áitreabh.
Le linn tréimhsí ardghiniúna gréine (mar shampla, laethanta grianmhara nuair a bhíonn an t-éileamh áitiúil íseal), seans go rachaidh an voltas i méid i dtreo na dteorainneacha sin. Má tharlaíonn a leithéid, seans go múchfaidh an t-inbhéartóir é féin. Is gnáthrud é seo, agus is rud é a bhfuiltear ag súil leis.
Cad is féidir liom a dhéanamh?
Ní chiallaíonn sé i gcónaí go bhfuil locht ann má thruipeálann an t-inbhéartóir ó am go chéile agus é an-ghrianmhar. Mar sin féin, má bhíonn d'inbhéartóir ag truipeáil go minic nó ar feadh tréimhsí fada, seans gur mhaith leat na rudaí seo a leanas a thriail:
Mar achoimre
féin a dhícheangal nuair a bhraitear voltas ró-ard chun do chuid trealaimh, do chomharsana agus an líonra leictreachais a chosaint. Ní ceadmhach socruithe cosanta an inbhéartóra a athrú gan cead a fháil roimh ré ó ESB Networks.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi shocruithe cosanta i gCuid 2 den Bheartas maidir leis na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna PDF | 518 KB
An gá dom aon rud eile a sheoladh ar ais leis an íocaíocht?
Cá bhfaighidh mé faisnéis gar don fhíoram ón méadar cliste?
Cén áit ar féidir gléas Bíog LED a cheannach?
Cad is faisnéis gar don fhíoram ann?
Cén difear atá ann idir faisnéis gar d’fhíoram agus Cuntas ar Líne ESB Networks?
An mbaineann an RGCS le Faisnéis gar don fhíoram?
An gcuirfear in iúl dom nuair a bheidh acmhainn bhreise ar fáil i mo shuíomh?
An bhfuil obair ar siúl chun acmhainn bhreise a fhorbairt sa líonra leictreachais i limistéir LMEC?
De ghnáth, beidh gá leis an gcuid is mó d’fhostáisiúin a uasghrádú ar chúiseanna leictriúcháin agus beidh níos mó acmhainne ag na fostáisiúin uasghrádaithe seo freastal ar easpórtáil giniúna, toisc go mbeidh na Claochladáin níos mó ach, chomh maith leis sin, toisc go mbeidh an méadú ar an ualach áitiúil in ann glacadh le giniúint freisin. Tógfaidh sé roinnt blianta na tionscadail seo a phleanáil agus a chur i gcrích.
Ina theannta sin, beidh bainistíocht dhinimiciúil ar ualach agus ar ghiniúint ina ghné d'oibriú líonra amach anseo, agus is dócha go n-éascóidh sé seo tuilleadh easpórtála.
Cé iad na limistéir den Líonra Leictreachais ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil?
Cad iad na Scéimeanna Iarratais ar Ghiniúint a mbaineann tairiscintí naisc LMEC leo faoi láthair?
Faoi láthair, níl tairiscintí Uasacmhainne Easpórtála Teoranta ar fáil ach amháin d'iarratasóirí atá ag lorg nasc faoi na Scéimeanna Mionghiniúna agus na Scéimeanna Giniúna ar an Mionchóir.
Cén leibhéal Uasacmhainne Easpórtála (MEC) a thairgtear faoi LMEC?
Éilíonn tairiscintí naisc LMEC go mbeidh easpórtáil an chórais teoranta do na hUasacmhainní Easpórtála seo a leanas:
- 6kVA más céim aon phas an nasc.
- 11kVA más céim 3 phas an nasc agus é á nascadh leis an líonra Ísealvóltais nó Meánvóltais.
An bhfuil aon cheanglais bhreise i gceist chun nasc LMEC a fháil?
An bhfuil baint idir an Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) agus méid an chórais is féidir liom a shuiteáil faoi na scéimeanna éagsúla?
Cén fáth go bhfuil gá le tairiscintí naisc a eisiúint le haghaidh Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?
Ionas gur féidir a chinntiú go gcoinneofar sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht na heangaí, is gá dúinn a leithéid seo de nasc a thairiscint i limistéir ina bhfuil acmhainn theoranta ar fáil ar an líonra leictreachais.
An riachtanas é sonraí Armónacha a chur ar fáil faoin Scéim um Ghiniúint ar Scála Beag?
I gcás gineadóirí nasctha le hInbhéartóir os cionn 72A/céim (17kVA 1ph/50kVA 3ph), caithfear measúnú ar leithligh a dhéanamh ar armónaigh. Is éard atá i gceist leis seo ná armónaigh aonair an ghineadóra a thógáil agus a dtionchar aonair agus carnach a mheas ag an nascphointe.
Beidh na luachanna armónacha a thugtar in Amps (an t-aon formáid atá inghlactha) suas go dtí an 40ú Armónach ar a laghad ar fáil ón déantóir nó b'fhéidir ó Theastas Tástála Cineál arna cur ar fáil ag an déantóir.
I gcás Gineadóirí Sioncrónacha, ní cheaptar go mbeidh armónaigh ina bhfadhb agus, mar sin, níl sonraí á lorg faoi láthair.
Céard atá i gceist le hUasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC)?
Is éard atá i gceist leis an téarma Uasacmhainn Easpórtála Theoranta (LMEC) ná na naisc um Micrighiniúint agus um Ghiniúint ar an Mionchóir atá ar fáil sna limistéir sin den líonra leictreachais ina bhfuil líon mór nasc le gineadóirí easpórtála i bhfeidhm cheana féin, i gcoibhneas leis an acmhainn líonra leictreachais atá ar fáil ag leibhéil voltais níos airde sa suíomh sin. Ciallaíonn sé go bhfuil acmhainn theoranta ar fáil faoi láthair chun glacadh le tuilleadh nasc easpórtála.
Tá gineadóir leabaithe agam mar Chúltaca ar sholáthar éigeandála (gineadóirí comhthreomhara gearrthéarmacha) agus ní nascann leis an líonra ach ar feadh tréimhsí gearra. An gá dom é a fhógairt ar m'iarratas, agus an mbeidh tionchar aige ar mo MIC?
Más rud é nach mbíonn an gineadóir riamh comhthreomhar leis an líonra leictreachais, nó nach bhíonn sé comhthreomhar leis ach amháin le haghaidh 3 nóiméad agus é ag casadh ar/as ar feadh tréimhse nach mó ná 5 nóiméad sa mhí, luaitear ar an bhfoirm iarratais iad mar Ghiniúint atá ann cheana. Ní áirítear an acmhainn giniúna suiteáilte a bhaineann leis an ngineadóir seo agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal foriomlán na giniúna atá suiteáilte ar an láithreán chun críche Mion-Ghiniúna, Giniúna ar Scála Beag nó chun measúnú a dhéanamh ar Ghiniúint Iomlán Suiteáilte.
Tá m’iarratas ar athrú MIC ar feitheamh i gcóras ESB Networks. An féidir liom iarratas ar Ghiniúint ar Scála Beag a chur isteach agus mé ag fanacht go gcuirfear an t-athrú MIC i gcrích?
Is féidir. Is féidir linn freastal ar iarratais NC8/NC5 ar Ghiniúint Scála Beag ag an am céanna agus athrú MIC más rud é gur tháinig an t-iarratas ar athrú MIC isteach tríd an gcainéal iarratais ábhartha agus go bhfuil sé á phróiseáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mír ‘Do Leibhéal Soláthair a Athrú’.
Ní rachaidh an t-iarratas um Ghiniúint ar Scála Beag chun cinn ach amháin go comhthreomhar leis an iarratas ar mhéadú MIC agus beidh sé ag brath ar dhul chun cinn agus cur i gcrích an iarratais sin.
Tabhair faoi deara: Ní chinntíonn méadú ar an MIC go mbeidh tú in ann an MEC iomlán atá uait a fháil. Ní féidir é sin a chinneadh ach amháin trí staidéar teicniúil sonrach a dhéanamh ar an líonra áitiúil, rud a dhéanfar mar chuid den phróiseas agus a chuirfidh bonn eolais faoin MEC atá ar fáil, nó faoi imlíne ar an obair athneartaithe a theastaíonn chun MEC sonrach a chumasú. Féadfaidh athróga éagsúla amhail fad ón gclaochladán, an acmhainn atá ar fáil, armónaigh, éagothroime féideartha, etc. tionchar a imirt ar thorthaí an staidéir sin. Mar sin, molaimid do chustaiméirí fanacht go mbeidh an staidéar seo curtha i gcrích agus a dtairiscint naisc faighte acu sula ndéantar cinneadh ceangailteach maidir le mionsonraí deiridh a suiteála.