Tá ESB Networks ag caitheamh dúthrachta le hathléimneacht an tsoláthair leictreachais a fheabhsú do thithe, d'fheirmeacha agus do ghnólachtaí roimh theacht an gheimhridh, go háirithe sna ceantair siúd is mó a bhíonn thíos le drochaimsir. Trí Phlean Athléimneachta na hEangaí, Geimhreadh 2025, tá infheistíocht á déanamh againn in uasghráduithe spriocdhírithe le hiontaofacht a fheabhsú, le gearrthacha cumhachta a laghdú, agus lena chinntiú gur féidir le pobail brath ar an leictreachas in am an ghátair.
Cuid shuntasach den obair sin is ea rioscaí a aithint a bhaineann le crainn agus fásra eile a d'fhéadfadh cur isteach ar an mbonneagar leictreachais, agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin roimh chásanna drochaimsire amach anseo. Tá muid ag déanamh cothabháil ar chrainn agus ar fhásra, ag leathnú conairí foraoise, agus ag athsholáthar cuaillí adhmaid agus trealaimh atá ag dul in aois ar fud na hÉireann.
Tabharfar faoi na hoibreacha sin sna contaetha seo a leanas sna míonna amach romhainn: an Cabhán, an Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, an Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí.
Tá an infheistíocht seo á déanamh againn san athléimneacht d'fhonn líonra leictreachais a chur ar fáil ar féidir lenár gcuid custaiméirí brath air.