Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)

FOI10444

Stádas Rinneadh an t-iarratas seo a láimhseáil taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe siar
Dáta a fhála 13 Aib 2023
Dáta an chinnidh 26 Aib 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá céim sa Bhainistíocht Timpeallachta idir lámha agam faoi láthair in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh. Tá tasc le déanamh agam ar Mheasúnú Saolré ar tháirge nó ar sheirbhís agus is é saolré painéil ghréine atá roghnaithe agam.

An féidir a rá liom nó mé a chur i dtreo an eolais faoin méid fuinnimh a gineadh ó shuiteálacha gréine tí in 2022??

FOI10446

Stádas Rinneadh an t-iarratas seo a láimhseáil taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe siar
Dáta a fhála 13 Aib 2023
Dáta an chinnidh 25 Aib 2023
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

Teacht ar thaifid a bhaineann le cáblaí faoi thalamh do thailte CLG, féach ar an bhfoirm iarratais atá ceangailte agus ar an léarscáil de shuíomh an láithreáin mar eolas.

FOI10440

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 29 Márta 2023
Dáta an chinnidh 21 Aib 2023
Catagóir an iarrthóra Gnólacht / Grúpa sainleasa
Cur síos ar an iarratas

An féidir faisnéis a chur ar fáil a léireoidh cumas giniúna na bhfostáisiún ar fud na tíre.

Mar fhorbróir fuinnimh in-athnuaite, tá fonn mór ar ár gcuideachta infheistíocht a dhéanamh in Éirinn, i dtionscadail ghréine agus tionscadail BESS go speisialta.

FOI10451

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 07 Márta 2023
Dáta an chinnidh 31 Beal 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá gach doiciméad/comhfhreagras/ríomhphost/miontuairisc chruinnithe/tuairisc/etc. idir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Alumcrest Limited, BMor Developments, CField Construction agus páirtí ar bith eile maidir le soláthar agus seirbhísí leictreacha ag Eastát Lios Cara, na Cillíní, Corcaigh á n-iarraidh agam. Baineann sé seo go háirithe le ceadanna pleanála 19/5325 agus 19/5416.

Iarraim go sonrach gach comhfhreagras/tuairisc/doiciméad/miontuairisc chruinnithe a bhaineann le hoibreacha bóthair agus oibreacha gaolmhara leictreachais ag an mbealach isteach chuig Eastát Lios Cara. Rinneadh an bóthar a réabadh le haghaidh oibre tuairiscithe ESB idir an 18 Aibreán 2023 agus an 2 Bealtaine 2023.

Tá cóip de gach doiciméad/comhfhreagras/ríomhphost/miontuairisc chruinnithe idir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Alumcrest Limited, BMor Developments, CField Construction, úinéirí talún taobh leis an eastát agus páirtí ar bith eile maidir le soláthar leictreachais a chur ar fáil d’Eastát Lios Cara á n-iarraidh agam. Iarraim go speisialta gach tuarascáil innealtóireachta agus tuarascáil féidearthachta a bhaineann le hEastát Lios Cara, na Cillíní, Corcaigh. Baineann sé seo le ceadanna pleanála 19/5325 agus 19/5416.

FOI10429

Stádas Ceadaithe go páirteach
Dáta a fhála 01 Márta 2023
Dáta an chinnidh 25 Aib 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Cóip den mheabhrán tuisceana idir ESB Networks DAC agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Táim ag iarraidh leis aon chomhfhreagras inmheánach agus seachtrach maidir leis na sonraí a chomhroinntear. Tá mé ag iarraidh chomh maith measúnú riosca ar bith a rinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh comhroinnt na sonraí seo RGCS a shárú.

FOI10428

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 24 Feabh 2023
Dáta an chinnidh 28 Feabh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas
Cóip den mheabhrán tuisceana idir ESB agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Táim ag iarraidh leis aon chomhfhreagras inmheánach agus seachtrach maidir leis na sonraí a chomhroinntear. Tá mé ag iarraidh chomh maith measúnú riosca ar bith a rinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh comhroinnt na sonraí seo RGCS a shárú.

FOI10426

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 20 Feabh 2023
Dáta an chinnidh 03 Feabh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Líon na n-iarratasóirí a fuarthas agus líon na bprintíseach a glacadh ar Chlár Printíseachta ESB do na blianta seo a leanas; 2018, 2019, 2020, 2021 agus 2022.

FOI10422

Stádas Ceadaithe
Dáta a fhála 14 Feabh 2023
Dáta an chinnidh 24 Feabh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá an fhaisnéis seo a leanas á iarraidh agam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Le 12 mhí anuas, an líon briseadh cumhachta do cheantar Corlea/Derrykillew i mBéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall.

  • Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí pleanáilte
  • Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí gan phleanáil
  • An fad in uaireanta agus nóiméid a bhain le gach briseadh
  • Cúis gach briseadh, nuair is eol
  • Cad a rinneadh chun gach briseadh a chur ina cheart

FOI10417

Stádas Diúltaithe
Dáta a fhála 27 Ean 2023
Dáta an chinnidh 13 Feabh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá cóip á lorg agam de na doiciméid, tuairiscí, taifid ó bhéal, taifid ríomhphoist, taifid phoist, meamraim, nó taifid i bhfoirm ar bith eile a bhaineann le gearáin nó sonraí faoi spící líonra soláthair/borradh cumhachta/cur isteach/ardvoltais/voltais ísle/ fabhtanna/éifeachtaí.

Is é an ceantar a bhfuil suim againn ann ná an baile fearainn Páirc an Phaoraigh, Feadamair, Co. Luimnigh, ar an 26, 27 agus 28 Feabhra 2022.

FOI10414

Stádas Rinneadh an t-iarratas seo a láimhseáil taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe siar
Dáta a fhála 23 Ean 2023
Dáta an chinnidh 08 Feabh 2023
Catagóir an iarrthóra Cliant
Cur síos ar an iarratas

Tá mé i mo chónaí i sráidbhaile Eachroim, Co. Chill Mhantáin. Le 6 nó 7 mí anuas, ar an drochuair, bhí thart ar 7 bhfabht againn ó fhostáisiún Chill Modhíoga, rud a chuireann isteach ar bhreis is 2,000 custaiméir gach aon uair. Ba mhaith liom a fháil amach (An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014) cén fáth a bhfuil an fabht seo ag tarlú chomh minic sin agus cad atá beartaithe ag ESB chun an fhadhb seo a réiteach. Bheadh sé tairbheach dá mbeifeá an fhaisnéis a sholáthar agus an gearán agus an cheist a chlárú gan úsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise. 

Dhá uair le coicís anuas, bhí orainn déileáil le bristeacha cumhachta inár gceantair. Cuireann sé isteach chomh mór sin ar ár ngnóthaí sráidbhaile go mbíonn orthu dúnadh. Bíonn orainn 35 ciliméadar a thiomáint san iomlán chun bia te a fháil. 

Mar phobal, táimid i dteideal a fháil amach cad is cúis leis na fabhtanna seo agus cén chaoi agus cathain a réiteofar é le huasghrádú srl ar stáisiún Chill Modhíoga.