Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Leictreachas a thabhairt go tuath na hÉireann

Leictriú na tuaithe video

Táimid ag uasghrádú ár gcórais tarchurtha

  • Le tacú le fuinneamh in-athnuaite, táimid ag uasghrádú ár gcórais tarchurtha agus ag tosú ar chórais nua teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a úsáid.
  • Tá athrú ollmhór ag teacht ar an gcóras leictreachais faoi láthair mar gheall ar an ngealltanas a thug Éire gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh 80% dá cuid leictreachais faoin mbliain 2030. Tá na líonraí leictreachais á n-oiriúnú leis an dúshlán sin a shárú. Beidh uasghrádú suntasach ar an gcóras tarchurtha ag teastáil chuige sin, agus beidh roinnt línte nua le tógáil, leis.

Ceadúnas Oibreora Córais Dáileacháin (DSO)

An Córas tarchurtha

Iompraíonn an córas náisiúnta tarchurtha leictreachais méid mór leictreachais ar ardvoltas (400kV, 220kV agus 110kV) ó na stáisiúin ghiniúna go pointí bulcsholáthair gar do na príomhbhailte agus na príomhchathracha. Ó na pointí sin, tá sé nasctha leis an gcóras dáileacháin, chomh maith leis na córais tarchurtha i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain. Féach Tábla 1 le haghaidh sonraí faoi chóras tarchurtha ESB.

Cur síosLíon
Línte lastuas 400kV438 km
Cáblaí 400kV faoi thalamh3 km 
Línte lastuas 220kV + 275kV 1817 km
Cáblaí 220kV + 275kV faoi thalamh 211 km
Claochladáin 400/220kV8
Línte lastuas 110kV 4384 km
275/220kV Transformers3
Cáblaí 110kV faoi thalamh397 km
110 kV Submarine Cables16 km 
Claochladáin 220/110kV59

 

Technicians looking at cable

Eirgrid

  • Is é ESB Networks a thógann an córas tarchurtha agus a dhéanann cothabháil air.
  • Is é Eirgrid a bhainistíonn na sreafaí cumhachta, lena n-áirítear an leictreachas a ghineann gach saoráid mhór.
  • Déanann Eirgrid cinnte freisin go mbeidh an córas tarchurtha in ann freastal ar an éileamh méadaithe a bheidh ar leictreachas amach anseo agus in ann don mhéid leictreachais a bheidh ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite, amhail feirmeacha gaoithe.
Téigh chuig Eirgrid

An Córas Dáileacháin

  • Is é an córas dáileacháin a thugann an leictreachas ón gcóras tarchurtha chomh fada leis an 2.5 milliún custaiméir in Éirinn.
  • Feidhmítear ar 110kV i gceantar Bhaile Átha Cliath é, agus ar 38kV, 20kV, 10kV agus ísealvoltas (LV) ar fud na tíre.
  • Le freastal ar dhaonra mór tuaithe na hÉireann, tá fad an líonra in aghaidh an duine ceithre huaire níos mó ná an meán Eorpach agus is é 6: 1 an cóimheas idir línte lastuas agus cáblaí faoi thalamh.
Líon Cur síos
155,321 kmLíne lastuas 
28,881 kmCábla faoi thalamh 
255,869Claochladáin MV/LV atá gléasta ar chuaillí 
24,890Fostáisiúin talún MV/LV  
139Fostáisiúin 110kV/38V nó 110MV 
417Fostáisi��in 38kV/MV 
2.5 millionMéadair