Tuairiscí chun dáta ar ghearrthacha beartaithe
Gearrthacha beartaithe
Le soláthar cumhachta slán sábháilte agus iontaofa a choinneáil, ní mór dúinn an leictreachas a mhúchadh ó am go chéile le hobair chothabhála nó deisiúcháin a dhéanamh ar an líonra. Tabharfaimid fógra duit i gcónaí tráth nach lú ná dhá lá roimh ré trí chárta poist. Seans go gcuirfimid teachtaireachtaí téacs chugat freisin.
Coinnigh ar an eolas; bí ullamh - teachtaireahctaí téacs maidir le gearrthacha beartaithe
Le cabhrú leat pleananna a dhéanamh roimh ré agus aon mhíchaoithiúlacht a íoslaghdú, cuireann ESB Networks teachtaireachtaí téacs ar fáil faoi aon ghearradh cumhachta atá beartaithe ag do sheoladh.
Ach d’uimhir fóin póca a bheith againn, cuirfimid teachtaireachtaí téacs chugat go huathoibríoch. Tá sé seo ar fad ina chuid den ghealltanas atá tugtha againn tacú leat le seirbhís iontaofa agus cumarsáid shoiléir.
Tá sé éasca coinneáil ar an eolas: níl le déanamh ach logáil isteach nó clárú le haghaidh do Chuntas ar Líne ESB Networks, áit ar féidir leat d’uimhir fóin póca a nuashonrú agus do chuid roghanna fógraí a bhainistiú.
Cuntas ar Líne ESB Networks
Tú a choinneáil ar an eolas faoi ghearradh
Taispeántar gearrthacha beartaithe mar bhioráin ómra ar PowerCheck, i dteannta tuairiscí chun dáta ar an obair.
Breathnaigh ar PowerCheckRabhadh Sábháilteachta:
Ba cheart duit glacadh leis go bhfuil an ceangal le do theach BEO i rith gach gearrtha de bharr go bhféadfadh an soláthar leictreachais teacht ar ais ag am ar bith, ar feadh tréimhsí gairide in amanna, agus an obair ar bun.
- Gach trealamh leictreonach agus aon trealamh eile a d’fhéadfadh a bheith ina ghuais shábháilteachta nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, moltar duit iad ar fad a mhúchadh.
- Má tá GINEADÓIR LEICTREACHAIS agat, déan cinnte de go bhfuil sé ag teacht le rialacha sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus go bhfuil sé ceangailte dá réir ionas nach bhféadfadh sé cumhacht a fhothú isteach i gcóras ESB Networks. Is ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht custaiméirí eile atá sé sin.